Salm 48 - An Bíobla Naofa 1981Cathair Naofa Dé 1 Amhrán. Salm chlann Chorach. 2 Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór é i gcathair ár nDé. 3 Is álainn an cnoc é a shliabh naofa, áthas an domhain uile. Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirt cathair an ArdRí. 4 Chruthaigh Dia i lár a dúnta bheith ina dhaingean sábháilte. 5 Óir féach! chruinnigh na ríthe le chéile gur ionsaigh siad in éineacht. 6 Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu; rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill. 7 Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach, amhail tinneas clainne; 8 mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadh loingeas Thairsís. 9 Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamar i gcathair ár nDé; i gcathair Thiarna na slua a dhaingnigh Dia go deo. 10 Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia, i gceartlár do theampaill. 11 Leathann do mholadh, ar nós d'ainm, a Thiarna, go críocha na cruinne. Is lán do dheaslámh d'fhíréantacht; 12 gairdíonn Cnoc Shíón. Tá áthas ar iníonacha Iúdá de bharr do bhreithiúnais. 13 Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeall comhairigí a túir. 14 Breathnaigí a rampair chosanta; scrúdaigí a dúnfoirt, go n‑inseoidh sibh don ghlúin atá le teacht: 15 is mar sin dár nDia. Is é ár nDia é go brách na breithe agus ár dtreoraí go deo. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart