Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 48:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Is álainn an cnoc é a shliabh naofa, áthas an domhain uile. Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirt cathair an ArdRí.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Óir bʼshiúd ríthe an talaimh: ag slógadh, agus ag siúl tharainn le chéile.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Aithnighthear Dia ’na phalásaibh, Mar thearmuinn an ’sgach airc;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Is aithnid Día ann a phálásuibh mar dhídean.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Is álainn an cnoc é a shliabh naofa, áthas an domhain uile. Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirt cathair an ArdRí.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 48:3
14 Tagairtí Cros  

Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, sé sin Dúnfort Dháiví.


Nuair a chonaic an Tiarna gur umhlaíodar iad féin, tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá. “Rinne siad iad féin a umhlú,” dúirt sé, “agus ní dhéanfaidh mé iad a scriosadh. Fóirfidh mé orthu ar ball beag. Ní luífidh mo fhearg ar Iarúsailéim trí láimh Shíseac.


Amhrán Oilithreach. 1 An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu, is cosúil le Sliabh Shíón iad - sliabh nach féidir a bhogadh, ach a sheasfaidh go brách.


Moladh leis an Tiarna as Síón; tá cónaí air in Iarúsailéim!


Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí, toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh.


As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe;


Álainn tú, a rún, mar Thirzeá, breá mar Iarúsailéim, chomh huafar le cathshlua.


Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d'aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: “An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí