Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 101 - An Bíobla Naofa 1981


An Rí Fíréanta
1 Salm [le] Dáiví.

1 Salm [le] Dáiví. 1 Canfaidh mé faoi dhílse agus fíréantacht duitse, a Thiarna.

2 Gabhfaidh mé sa tslí gan mháchail; cathain a thiocfaidh tú? Siúlfaidh mé le croí gan cháim i lár mo thí.

3 Ní chuirfidh mé os comhair mo shúl aon ní suarach. Is gráin liom slí na n‑urchóideach; ní bheidh páirt agam leo.

4 Beidh an croí calaoiseach i bhfad uaim; ní aithneoidh mé an t‑olc.

5 Fear clúmhillte a chomharsan os íseal, millfidh mé an té sin. Fear na mórchúise agus na mórála, ní fhéadaim cur suas leis.

6 Beidh súil agam le fíréin na tíre a bheith in aontíos liom. An té a shiúlann sa tslí gan máchail, is é a dhéanfaidh fónamh dom.

7 Ní dhéanfaidh fear na ceilge choíche cónaí i mo theachsa. Ní mó ná sin a ligfidh mé don bhréagaire fanacht in éineacht liom.

8 Scriosfaidh mé maidin ar mhaidin peacaigh na tíre; agus dítheoidh mé as cathair an Tiarna lucht déanta an oilc.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí