Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 101:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ní chuirfidh mé os comhair mo shúl aon ní suarach. Is gráin liom slí na n‑urchóideach; ní bheidh páirt agam leo.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Ca huair a thiocfaidh tú chugam: siúlfaidh mé i mo theach le croí gan chlaon.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Cúis urchóideach ní chuirfiod fós, Ó’s coine mo shúile glé. Droch‐ghniomhartha ni thaitnean liom, Do ghnídheas daoine claon; Ni cheangólaidh se dhíom go déo, Le sgrios air m’anam féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ní chuirfiod cúis urchóideach ar bith ós coinne mo shúl: is beag orum gníomhartha na ndaóine noch chláonas; ní cheangoluidh sé dhíom.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Ní chuirfidh mé os comhair mo shúl aon ní suarach. Is gráin liom slí na n‑urchóideach; ní bheidh páirt agam leo.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 101:3
44 Tagairtí Cros  

Rinne mé margadh le mo shúile, Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.


Is fuath liom an teanga liom leat; ach is geal liom do dhlí.


Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas; déan mo bheochan trí do shlíse.


Ach cuir an ruaig ar lucht na camastaíola is ar lucht déanta an oilc. Síocháin go raibh ar Iosrael.


Is amhlaidh atá an ghráin shaolta agam orthu; dar liomsa is deargnaimhde dom iad.


Chuaigh siad uile ar seachrán; truaillíodh iad uile, níl neach ann a dhéanann an mhaith: níl oiread is duine.


Cuireann sé ina luí ar a aigne nach eol do dhaoine an choir atá déanta aige agus nach fuath leo í.


Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví.


Chuir sé amhrán nua i mo bhéal: duan dár nDia. Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu, agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.


“Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile, “an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”


Chuir siad cathú ar Dhia arís eile agus chiap Neach Naofa Iosrael.


Thug siad droim láimhe leis mar a rinne a n‑aithreacha; ba chosúil iad le bogha ar fiar.


Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t‑olc; déanann sé anamacha a naomh a chosaint, á bhfuascailt ó láimh na n‑éagráifeach.


Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis.”


Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d'ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d'adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’ ”


An scraiste, an t‑urchóideach, gabhann sé thart agus grabhas air;


Luíonn sé súil, scríobann lena chois, agus tugann comharthaí sóirt lena mhéar.


Ná cuir dúil do chroí ina scéimh, agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí;


Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas.


Is fearr glacadh lena bhfeiceann do shúil ná dul ar thóir do mhéine - baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.


fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí; as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.”


An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic, agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra, a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú, a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fhola agus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t‑olc


Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”


Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.


ná beartaíodh aon duine agaibh olc ina chroí in aghaidh a chomharsan; agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige; óir, is fuath liom na nithe sin go léir,” a deir an Tiarna.


Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí.


Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith.


Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd d'fhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair?


Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha -


Seachain agus ná scaoil an smaoineamh suarach seo isteach i do chroí, ‘Tá an seachtú bliain, bliain na fuascailte láimh linn,’ agus féachaint le doicheall ar do bhochtán bráthar agus gan aon ní a thabhairt dó, agus go nglaofadh sé ar an Tiarna i d'aghaidh, agus gur pheaca duit é.


Ní daoine sinne a thabharfaidh ár gcúl leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chloífidh leis nó go sábháilfear ár n‑anam.


Seasaigí an fód dá bhrí sin agus déanaigí agus comhlíonaigí a bhfuil scríofa i leabhar dlí Mhaois, gan claonadh ar dheis uaidh, ná ar chlé,


Óir b'fhearr dóibhsean gan eolas a chur ar bhealach na fíréantachta ná tar éis eolas a chur air casadh i leataobh ón aithne naofa a seachadadh dóibh.


Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, d'fhanfaidís i gcónaí linn. Ach d'fhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile.


“Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí