Salm 40 - An Bíobla Naofa 1981Is Fearr an Umhlaíocht ná an Íobairt 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. A 2 D'fhan mé go foighneach leis an Tiarna agus chrom sé chugam gur éist sé le mo ghuí. 3 Tharraing sé mé as díog na díthe, as láib an bhogaigh; chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraig agus dhaingnigh mo choiscéimeanna. 4 Chuir sé amhrán nua i mo bhéal: duan dár nDia. Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu, agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu. 5 Is aoibhinn don té a chuireann a dhóchas sa Tiarna; an té nach gcloíonn le huaibhrigh ná le déithe bréige. 6 Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamh rachadh a gcomhaireamh díom. 7 Íobairt ná ofráil níor thoil leat, ach d'oscail tú mo chluasa. Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait; 8 ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé! i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm 9 go ndéanfainn do thoilse. A Dhia, is áil liom do dhlí i ndiamhair mo chroí.” 10 Rinne mé d'fhíréantacht a fhógairt sa chomhdháil mhór. Cosc níor chuir mé le mo bhéal mar is eol duit, a Thiarna. 11 Níor fholaigh mé d'fhíréantacht i mo chroí ach d'fhógair mé do chabhair dhílis; níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinne ar an gcomhdháil mhór. B 12 A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil uaim go brách. Go ndéana do bhuanghrá agus d'fhírinne mo chaomhnú choíche. 13 Tá mórán olc i mo thimpeall, oilc gan áireamh. Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chionta nach bhfeicim dada; ní lia ribí mo chinn ná iad agus teipeann mo mhisneach orm. 14 Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom. 15 Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neach ar a bhfuil fonn mo mharaithe; go gcuirtear ar gcúl faoi náire a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh. 16 Go ndalltar le náire an drong a deir liom: “Há! há!” 17 Go ndéana a mbíonn ar do lorg ríméad agus gairdeas ionat. Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh: “Moladh leis an Tiarna!” 18 Cé gur dealbh agus gur dearóil mise déanann an Tiarna cúram díom. Is tú mo chabhair agus m'fhuascailteoir; ná moilligh, a Dhia liom. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart