Seanfhocal 20 - An Bíobla Naofa 19811 Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua; níl aon chiall ag an té a mheallann sé. 2 Is geall le glam leoin fearg rí, agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin. 3 Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint, ach beidh gach amadán ag achrann. 4 Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir; beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó. 5 Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh; níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach. 6 Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis, ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne? 7 An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim, is méanar dá chlann ina dhiaidh. 8 An rí a shuíonn ina shuí breithimh, scagann sé gach olc lena shúile. 9 Cé ar féidir leis a rá: “Ghlan mé mo chroí, táim saor ó mo pheaca?” 10 Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall; is gráin leis an Tiarna iadsan araon. 11 Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh, an olc nó an maith a bheidh a bhearta. 12 An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann, is é an Tiarna a rinne iad araon. 13 Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile; bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat. 14 “Níl aon mhaith ann, níl sin,” a deir an ceannaí ach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin. 15 Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar, ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar. 16 Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir; bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh. 17 Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois, ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin. 18 Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar. 19 Déanann an cardálaí rúin a nochtadh; ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte. 20 Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh. 21 An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús, ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh. 22 Ná habair: “Déanfaidh mé an t‑olc a chúiteamh”; ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort. 23 Is fuath leis an Tiarna malairtí meáchan; ní maith iad na meánna fealltacha. 24 Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine; conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint? 25 Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: “Tá sé tíolactha,” agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide. 26 Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh, agus tiomáineann an roth tharstu. 27 Sé spiorad an duine lampa an Tiarna, ag spiúnadh doimhneas a chroí. 28 Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint, agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach. 29 A neart féin glóir na n‑ógánach, ach an ceann liath maise na seanóirí. 30 Is maith an leigheas ar an olc buillí créachtaithe; agus glanann buillí an t‑ionathar. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart