Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 20:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: “Tá sé tíolactha,” agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Is paintéar don té shluigios ní naomhtha, agus tar éis móide íarmhoireacht do dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 20:25
15 Tagairtí Cros  

Baois agus náire is ea freagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.


Scriosann béal an amadáin é féin, agus is gaiste dó a bheola.


Óir, mar a thagann tromluí ar dhuine trí mhéid a chúraim, gineann guth an amadáin barraíocht baothchainte.


“Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo.


“Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomhlíonadh don Tiarna.’


Ach níor pheaca duit gan móid a thabhairt.


Cloígh le cibé rud a théann thar do bheola, agus ní foláir duit an mhóid a thug tú de do dheoin féin le briathar do bhéil féin don Tiarna do Dhia a chomhlíonadh.


Nuair a théann tú isteach i bhfíonghort do chomharsan, ní cás duit do sháith caor a chaitheamh, oiread díobh agus is mian leat, ach níl cead agat aon chaora a chur í do chliabh.


Má thagann a n‑aithreacha nó a ndeartháireacha chugainn le gearán, déarfaimid leo: ‘Maithigí dóibh, [mar thóg gach fear] díobh bean mar a dhéanann daoine i gcogadh; dá dtabharfadh sibh féin mná dóibh, bhrisfeadh sibh bhur mionn agus bheadh coir déanta agaibh.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí