Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 20:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint, ach beidh gach amadán ag achrann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Is onóir do dhuine scur do cheannairg: acht biáidh gach áon amadán ag teagmháil.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 20:3
17 Tagairtí Cros  

Tharla aighneas dá bhrí sin idir aoirí thréad Abrám agus aoirí thréad Lót (bhí na Canánaigh agus na Pirizigh ina gcónaí sa tír an uair sin).


Dúirt Abrám más ea le Lót: “Ná bíodh aon aighneas idir m'aoirí-sé agus d'aoirí-sé, mar is bráithre sinn.


Chuir Ióáis rí Iosrael teachtaireacht go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair d'iníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhí allta sa Liobáin an feochadán a shatailt faoina chosa agus é ag gabháil thar bráid.


Déanann an duine teasaí bearta baotha, ach bíonn foighne ag fear na tuisceana.


Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge; is [measa ná baoth] an fear lasánta.


Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan; agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.


Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.


Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin, agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.


Cuireann ciall srian le fearg duine, agus is glóir dó scaoileadh le coir.


Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais, agus bíonn éirí in airde ina iompar.


Is cuma nó breith ar chluasa mhadra fáin dul sáite in achrainn na gcomharsana.


Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.


Ach má tá éad searbh oraibh agus uaillmhian doicheallach in bhur gcroí, ná bígí ag maíomh ná ag bréagnú na fírinne.


Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n‑ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí