Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 30:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Cloisfidh do chluasa an focal seo i do dhiaidh: “Seo an bealach, leanaigí é”, cuma ar dheis nó ar chlé a chasfaidh sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus do cluinfid do chlúasa focal táobh shíar dhíot, dhá rádh, Sí so an tslighe, siubhluighidh innte, a nuáir fhillfidhe ar an láimh dheis, agus a nuáir fhillfidhe ar an láimh chlé.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 30:21
18 Tagairtí Cros  

Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.


Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé an tslí is triallta duit. Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit; coimeádfaidh mé súil ort.


Ná claon ar dheis ná ar chlé, seachain do chos ar an olc.


Tiocfaidh lucht an mhearbhall intinne chun tuisceana, agus rachaidh lucht manráin le foghlaim.”


Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.”


Seo mar a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.


Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’


“Féachaigí chuige dá bhrí sin go ndéanfaidh sibh de réir mar a d'aithin an Tiarna ár nDia daoibh. Ná claonaigí ar dheis na ar chlé ón gcosán.


Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach thar na bearta agat, agus féach chuige le cáiréis go ndéanfaidh tú beart de réir an dlí go léir a d'ordaigh Maois m'óglach duit; ná cas ar dheis ná ar chlé uaidh, i dtreo go mbeidh an t‑ádh leat cibé treo baill ina rachaidh tú.


Seasaigí an fód dá bhrí sin agus déanaigí agus comhlíonaigí a bhfuil scríofa i leabhar dlí Mhaois, gan claonadh ar dheis uaidh, ná ar chlé,


Agus tá ungadh oraibhse ón Té atá Naofa agus tá an fíoreolas agaibh uile.


Ach maidir libhse, maireann fós ionaibh an t‑ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní aon bhréag - mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.


Maidir liomsa, gura fada uaim peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna trí scor de bheith ag guí ar bhur son agus do bhur dteagasc i slí an chirt agus na córa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí