Seanfhocal 19 - An Bíobla Naofa 19811 Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréanta ná an té atá saibhir ach claon ina shlite. 2 Ní maith í an díograis gan an machnamh; an té a bhrostaíonn a chéim, cailleann sé an tslí. 3 A bhaois féin a scriosann conách duine, ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta. 4 Méadaíonn cairde le méadú maoine, ach tréigeann a aon chara an bochtán. 5 Ní rachaidh an finné bréige gan phionós, agus ní rachaidh fear na mbréag slán. 6 Bíonn a lán ar thóir fabhar ón bhfial; is cara ag gach aon duine an té a scaipeann bronntanais. 7 Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán, nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh. ...Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige. 8 An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin; an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas. 9 Ní rachaidh an finné bréagach gan phionós, agus scriosfar an té a spalpann éitheach. 10 Ní cuí don amadán maireachtáil i sócamas, agus is lú ná sin is cuí do dhaor bheith i gceannas ar fhlatha. 11 Cuireann ciall srian le fearg duine, agus is glóir dó scaoileadh le coir. 12 Is geall le glam leoin fearg rí, ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi. 13 Scriosann amadán mic a athair; is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná. 14 Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar, ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna. 15 Cuireann leisce duine i dtoirchim suain, ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin. 16 An té a choimeádann na haitheanta, coimeádann sé é fein; an té ar beag leis an briathar, gheobhaidh sé bás. 17 An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé. 18 Cuir smacht ar do mhac fad a mhaireann an dóchas; ná cuir romhat é mhilleadh ar fad. 19 Díolfaidh fear an drochmhianaigh as; scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat]. 20 Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc, le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach. 21 Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine, ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan. 22 Bíonn súil le dílseacht ó dhuine, agus is fearr bochtán ná bréagaire. 23 Seolann eagla Dé chun na beatha; an té a mbíonn sí aige, bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air. 24 Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias, ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil. 25 Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t‑aineolaí san airdeall; ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige. 26 An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil, is mac gan náire é agus ábhar masla. 27 Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic, más d'fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é. 28 Tugann an drochfhinné tarcaisne don cheart; alpann craos an urchóidigh an t‑olc. 29 Tá [an bata] ullamh do scigirí, agus léasadh do dhroim na n‑amadán. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart