Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 19:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t‑aineolaí san airdeall; ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Buáil an tarcuisneach, agus do bhéara an simplidheach aire: agus iomaithbhír an té agá mbí tuigsi, agus tuigfidh sé éolus.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 19:25
10 Tagairtí Cros  

Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é; má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é. Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí, bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.


Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh, briathra na saoithe agus a nathanna -


Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar, ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.


Fágann ceartú rian níos déine ar an bhfear tuisceanach, ná mar a fhágann céad buille ar an amadán.


Déantar saoi den daoi nuair a smachtaítear an tarcaisneoir; foghlaimíonn sé ceacht nuair a bhíonn an rath ar an bhfíréan.


An té a cheartaíonn fear na fonóide, faigheann sé tarcaisne; an té a dhéanann cáiseamh in aghaidh an urchóidigh, déanfar urchóid dó.


Cluinfidh Iosrael go léir trácht air, agus beidh eagla orthu, agus go brách arís ní dhéanfaidh siad a leithéid de choirpeacht in bhur measc.


Ansin déanadh a chomhchathróirí go léir é a chur chun báis de chlocha; déanaigí an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur lár. Cluinfidh Iosrael uile faoi seo, agus beidh scanradh orthu.


An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí