Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 19:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 A bhaois féin a scriosann conách duine, ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Malluidh amadánacht an duine a shlighe: agus bí fearg air a chroidhe a naghaidh an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 19:3
21 Tagairtí Cros  

Ag caint fós leo dósan, shroich [an rí]. “Is léir,” ar sé, “gur ón Tiarna an mí-ádh seo. Cén fáth a mbeadh muinín agam fós as an Tiarna?”


A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar Dhia Agus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal.


[Salm le] Dáiví. 1 Ná bíodh buairt ort faoi lucht an drochiompair; ná bí in éad le lucht déanta na hurchóide;


Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis: ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan, ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht


Déanann a n‑ionracas na hionraice a stiúradh, ach scriosann a bhfeall na feallairí.


Óir bíonn an t‑amadán ag stealladh amaidí agus a chroí ag meabhrú an oilc, chun an urchóid a chur i gcrích, chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna, chun an t‑ocrach a fhágáil agus a bholg folamh agus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air.


Cén fáth a ndéanfadh duine ar bith gearán, go háirithe an fear atá ann fós d'ainneoin a pheacaí?


“Ach deir sibhse: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?


D'fhreagair Samúéil Sól: “Is baoth an beart a rínne tú. Níor chuir tú an t‑ordú a thug an Tiarna do Dhia duit i gcrích; óir dhaingneodh an Tiarna do fhlaitheas ar Iosrael go brách.


Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc. Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht. Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna, thug seisean an diúltú duitse mar rí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí