Salm 23 - An Bíobla Naofa 1981An tAoire Diaga 1 Salm le Dáiví. 1 Salm le Dáiví. 1 Is é an Tiarna m'aoire: ní bheidh aon ní de dhíth orm. 2 Cuireann sé féin i mo luí mé i móinéar féir ghlais. Seolann sé ar imeall an uisce mé 3 mar a bhfaighim suaimhneas. Seolann sé ar shlí na fíréantachta mé mar gheall ar a ainm. 4 Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t‑olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom. 5 Cóiríonn tú bord chun béile dom i láthair mo naimhde. Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupa ag cur thairis. 6 Leanfaidh cineáltas is buanghrá mé gach lá de mo shaol; i dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart