A chara, tá Dia i láibh ár moladh, agus gach aon lá tá cúis againn buíochas a ghabháil leis. Is breá leis an moladh a thagann ó chroí, moladh fíor le croí lán de bhuíochas.
Nuair a mholaimid é, tarlaíonn míorúiltí inár saol. Tá leigheas agus saoirse le fáil sa mholadh. Smaoinigh ar na rudaí iontacha atá déanta ag Dia i do shaol ó chruthaigh sé thú. Tá sé dílis agus tá sé ag faire ort i gcónaí. Molaimis é mar tá sé maith, agus tá a thrócaire úr gach maidin.
"Líonfaidh mé mo bhéal le do mholadh, le do ghlóir an lá ar fad." (Salm 71:8) Geallann Dia go líonfaidh sé do bhéal le moladh. Tosaigh le bheith buíoch as a chuid maitheasa agus cuirfidh sé an moladh sin i do chroí.
"Dá bhrí sin, canfaidh mé duit, a mo ghlóir, agus ní bheidh mé ciúin. A Thiarna mo Dhia, molfaidh mé thú go deo." (Salm 30:12)
Féuch, do bhéara me sláinte agus leighios chuice, agus leigheosuidh mé íad, foillseocha mé dhóibh líonmhaireacht na síothchána agus na fírinne.
Noch mhaithios do chionnta uile; noch leighisíos huile easláintighe;
Noch fhúasglas hanam ó scrios; noch chuirios coróin mhaitheasa agus thrócaireadha chinéulta ort;
An tí diomchair ar bpeacuighne ann a chorp féin air an gcrann, ionnus air mbeith dhúinne marbh do na peacuighibh, go mairfemís do nfíréuntachd: an tí agár leigheasadh sibhse ré na chréuchduibh.
Slánuigh mé, a THIGHEARNA, agus biáidh mé slán; sáor mé, agus biáidh mé sáortha: óir is tú mo mholadh.
¶ Go deimhin diomchuir sé ar ndoilghiosa, agus diomchuir sé ar ndóbrón: gidheadh do mheasamar é buáilte, buáilte ó Dhía, agus smachtuighthe.
Acht is ar son ar lochtne do loiteadh é, do brúigheadh é ar son ar cciontadhne: is airsion do bhí smachdughadh ar síothchána; agus is le na chneadhuibhsion atamaóidne slánuighthe.
Agus do gháireadar chum an TIGHEARNA iona nanacair, ó na gcumhgach do sháor sé íad.
Abraidís an dream noch dfúascail an TIGHEARNA, noch dfúascail sé ó láimh na daóirse;
Do chuir sé a bhríathar, agus do leighis íad, agus do thárthuigh íad ó na milleadh.
Admhuighdis don TIGHEARNA arson a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndaóine!
Agus foigheontáoi don TIGHEARNA bhur Ndía agus beinneochuidh sé harán agus huisge; agus béura misi heasláinte as do lár.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Oír aiseoga mé sláinte dhuitsi, agus leigheosa mé thú ód chneadhaibh, a deir an TIGHEARNA; do bhrígh gur ghoireadar Díbearthach dhíot, gha rádh, Isí so Sion, nach lorgann duine ar bith na diáigh.
Achd a dubhairt sé riom, Is lór dhuit mo ghrássa: óir iomlánuighthear mo chúmhachdasa a néugcrúas. Uime sin budh ró mhóide mfonn mórdháil do dhéunamh as méugcrúasuibh, ionnus go ndéanadh cúmhachd Chríosd cómhnuidhe ionnam.
Déan trócaire orum, ó a THIGHEARNA; óir atáim lag: a THIGHEARNA, leighis mé; óir atáid mo chnámha buáidheartha.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Agus bhéaruidh an TIGHEARNA gach uile easláinte uáibh, agus ní cuirfidh éainní de droichthinneasuibh na Hégipte oruibh, (noch as eól díbh;) achd cuirfe sé íad ar a ndroing fhuaithighios thú.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais.
Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair.
Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Do dhéana an TIGHEARNA a chothughudh air leabuidh a dhoilghis: iompocha tú a leabuidh uile iona thinneas.
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
A dhearbhráthair grádhuigh, do bfearr leam ar tús go bhfaghthá séun agus sláinte, amhuil atá séun ar thanam.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin.
Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Na bí glic ann do shúilibh féin: bíodh eagla an TIGHEARNA ort, agus seachain an tolc.
Biáidh sin na shláinte dot imlinn, agus na smior dot chnámhuibh.
Do chonnairc mé a shlighthe, agus leigheosuidh mé é: tréorochuidh mé é fós, agus aiseoga mé comhfhurtachda dhó féin agus dá chaóinteachaibh.
Cruthuighim toradh na bpuisíneadh; Siothcháin, síothcháin don tí bhíos a nimchéin, agus don tí atá bhfogus, a deir an TIGHEARNA; agus leigheosuidh mé é.
Is maith an TIGHEARNA, caisléan daingion a ló na buáidheartha; agus aithnigh sé an drong dhóthchusuighios ann.
Do chuir sé a bhríathar, agus do leighis íad, agus do thárthuigh íad ó na milleadh.
Admhuighdis don TIGHEARNA arson a thrócaire, agus a oibreacha iongantacha do chloinn na ndaóine!
An bhfuil éinneach éugruáidh eadruibh? cuireadh sé fios ar shinnsearuibh na heagluise, agus déunuidís guídhe ar a shon, ar na ungadh dhóibh ré hola a nainm an Tíghearna:
Agus sábhálfuidh urnuighe an chreidimh an teaslán, agus tóigéabhuidh an Tíghearna súas é; agus má rinne sé peacuigh, do gheabhuidh sé maitheamhnas ionnta.
Admhuighe bhur gcionta dhá chéile, agus déunuidh guidhe ar son a chéile, chum go leighéosfuidh sibh. Oir as mór an bhrígh atá a nurnuighe dhúthrachduigh a nfíréin.
Fosgluidh an TIGHEARNA súile na ndall: tógbhuidh an TIGHEARNA súas an drong chláonas síos: is ionmhuin leis an TTIGHEARNA na fíréin:
(Agus, féuch, tháinic bean, ar a raibh dórtadh fola le dhá bhliádhain déag, táobh shiar dhe, agus do chumail sí lé imeal a éudaigh:
Oír a dubhairt sí innte féin, Ma bheanaim lé na eúdach a mhaín, biaídh mé slán.
Déun comhrac maith sa gcreideamh, beir greim ar an mbeatha mharrthannuigh, chum ar goireadh thú, agus ar a ndearnuídh tú admháil mnhaith a láthair mhoráin dfíaghnuibh.
An bhfuil éinneach éugruáidh eadruibh? cuireadh sé fios ar shinnsearuibh na heagluise, agus déunuidís guídhe ar a shon, ar na ungadh dhóibh ré hola a nainm an Tíghearna:
Agus sábhálfuidh urnuighe an chreidimh an teaslán, agus tóigéabhuidh an Tíghearna súas é; agus má rinne sé peacuigh, do gheabhuidh sé maitheamhnas ionnta.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh.
Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh.
A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach?
Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Agus ar an uár sin fein do chlánuigh seisean mórán dáoine ó easláintibh agus ó phláighibh, agus ó dhroch spioraduibh; agus thug sé á radharc do mhórán dall.
Agus a dubhairt seision ría, A inghean, do shlánuigh do chréideamh thú; imthigh a síothcháin, agus bí slán od phláigh.
Deanam, agus filleam chum an TIGHEARNA: óir isé do bhris, agus leighiosuidh sé sinn; isé do bhuáil, agus ceingeola sé súas sinn.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda;
Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
Acht is ar son ar lochtne do loiteadh é, do brúigheadh é ar son ar cciontadhne: is airsion do bhí smachdughadh ar síothchána; agus is le na chneadhuibhsion atamaóidne slánuighthe.
Beannuigh, ó manam, an TIGHEARNA, agus ná dearmaid a thiodhlaicthe uile:
Beannuighesi an TIGHEARNA, a aingle féin, noch atá árrachdach a neart, ag comhall a aitheanta, ag tabhair aire do ghuth a bhreithre.
Beannuighe an TIGHEARNA, a shluaghsan uile; a luchd fritheóilte, noch do ní a thoil.
Beannuighe an TIGHEARNA, a oibreacha uile annsa nuile áit dá thighearnas: beannuigh ó manam, an TIGHEARNA.
Noch mhaithios do chionnta uile; noch leighisíos huile easláintighe;
Noch fhúasglas hanam ó scrios; noch chuirios coróin mhaitheasa agus thrócaireadha chinéulta ort;
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
A mhic, tabhair aire dom bhríathraibh; cláon do chlúas dom ráidhtibh.
Ná léig íadso as do shúilibh; coimhéad íad a lár do chroidhe.
Oír is beatha íad don druing do gheibh íad, agus sláinte dá bhfeóil uile.
A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa.
A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú.
Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Agus do ghabh Iósa timcheall gach uile chathrach agus baile, ag teagasg ann a sionagógaibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus ag slánughadh gach uile easláinte éagcruáis a measg an phubáil.