Matha 9:35 - An Bíobla Naofa 198135 Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dea-scéil na ríochta, ag leigheas gach galar agus gach éagruas. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)35 Agus shiúil Íosa na cathracha agus na bailte beaga uile, ag teagasc ina sionagóga agus ag seanmóireacht shoiscéal na ríochta, agus ag leigheas gach aicíde agus gach easláinte. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara35 Agus thaisteal Íosa na cathracha agus na bailte uilig, ag teagasc ina sineagóga, agus ag seanmóir soiscéal na ríoghachta, agus ag leigheas gach tinnis agus gach éagcruadhais. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)35 Agus do ghluais Íosa thart timcheall ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas gach uile shóirt galair agus breoiteachta. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)35 Agus do ghabh Iósa timcheall gach uile chathrach agus baile, ag teagasg ann a sionagógaibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus ag slánughadh gach uile easláinte éagcruáis a measg an phubáil. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)35 Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201235 Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dhea-scéal na Ríochta, ag leigheas gach galair agus gach éagruais. Féach an chaibidil |