Matha 9:36 - An Bíobla Naofa 198136 Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)36 Nuair a chonaic sé na sluaite, bhí trua aige dóibh, mar bhí siad cloíte de dhíth cuidithe, mar chaoirigh nach bhfuil aoire orthu. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara36 Agus ar fheiceáil na sluagh dó, bhí truaighe aige dóibh, de bhrígh go raibh siad cráidhte, agus ina luighe thart mar chaoirigh gan tréadaidhe. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)36 Acht nuair do chonnaic sé na sluaighte, do ghabh truagh an‐mhór dóibh é, toisc go rabhadar traochta, scaipthe amhail caoirigh gan aodhaire. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)36 Agus an tan do chunairc sé an slúagh, do ghabh truáighe ghéar dhóibh é, ar son go rabhadar curtha, ar na leathnughadh agus ar na sgaradh, mar cháorcha ag nach bhfuil tréadaighe. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)36 Agus chonaic sé na sluaighte daoine agus tháinig truagh aige dhóibh, mar go rabhadar go mí-ádhbharach, caithte mar bheadh caoire gan aodhaire. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201236 Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire. Féach an chaibidil |
Mar is amhlaidh atáim chun aoire a cheapadh sa tír; ní bheidh sé buartha faoina mbeidh i mbaol a gcaillte; ní chuardóidh sé a mbeidh ag dul ar seachrán; ní leigheasfaidh sé a mbeidh gonta agus ní chothóidh sé a mbeidh slán folláin go fóill. Ach íosfaidh sé feoil na mbeithíoch biata agus bainfidh sé spólaí díobh.