Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:36 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus chonaic sé na sluaighte daoine agus tháinig truagh aige dhóibh, mar go rabhadar go mí-ádhbharach, caithte mar bheadh caoire gan aodhaire.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

36 Nuair a chonaic sé na sluaite, bhí trua aige dóibh, mar bhí siad cloíte de dhíth cuidithe, mar chaoirigh nach bhfuil aoire orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

36 Agus ar fheiceáil na sluagh dó, bhí truaighe aige dóibh, de bhrígh go raibh siad cráidhte, agus ina luighe thart mar chaoirigh gan tréadaidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Acht nuair do chonnaic sé na sluaighte, do ghabh truagh an‐mhór dóibh é, toisc go rabhadar traochta, scaipthe amhail caoirigh gan aodhaire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Agus an tan do chunairc sé an slúagh, do ghabh truáighe ghéar dhóibh é, ar son go rabhadar curtha, ar na leathnughadh agus ar na sgaradh, mar cháorcha ag nach bhfuil tréadaighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

36 Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

36 Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:36
18 Tagairtí Cros  

Ac téighidh fé dhéin na gcaorach de theighleach Israéil atá imthighthe amú’.


Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha.


Ansan dubhairt sé léi: Níor cuireadh mé ach chun na gcaorach a cailleadh ó teaghlach Israéil.


Ansan do ghlaoidh Íosa chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Tá truagh agam do’n tsluagh, óir táid siad tar éis fanmhaint trí lá am’ fhochair agus ní’l aon nídh le n-ithe acu; agus ní maith liom iad do chur uaim ’n-a dtrosgadh, le h-eagla go dtuitfidís ar an slígh.


Agus tháinig Íosa amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, óir bhíodar mar bheadh caoire gan aodhaire, agus chrom sé ar a lán neithe theagasg dóibh.


Tá truagh agam do’n tsluagh, mar, féach, táid siad am’ fhochair le trí lá, agus ní’l aon rud le n-ithe acu;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí