Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus do ghluais Íosa thart timcheall ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas gach uile shóirt galair agus breoiteachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Agus shiúil Íosa na cathracha agus na bailte beaga uile, ag teagasc ina sionagóga agus ag seanmóireacht shoiscéal na ríochta, agus ag leigheas gach aicíde agus gach easláinte.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Agus thaisteal Íosa na cathracha agus na bailte uilig, ag teagasc ina sineagóga, agus ag seanmóir soiscéal na ríoghachta, agus ag leigheas gach tinnis agus gach éagcruadhais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus do ghabh Iósa timcheall gach uile chathrach agus baile, ag teagasg ann a sionagógaibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus ag slánughadh gach uile easláinte éagcruáis a measg an phubáil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dhea-scéal na Ríochta, ag leigheas gach galair agus gach éagruais.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:35
12 Tagairtí Cros  

Agus do ghlaodh sé chuige a dháréag deisceabal, agus thug sé cumhacht dóibh ar na spioraidibh neamh‐ghlana, chum iad do chaitheamh amach, agus chum gach galar agus gach breoiteacht do leigheas.


Agus tharla, nuair do chríochnuigh Íosa múineadh a dháréag deisceabal, gur imthigh sé as an áit sin chum teagasc agus craobhscaoileadh do dhéanamh ’n‐a gcathrachaibh‐sean.


atá radharc ag dallaibh, agus siubhlann bacaigh, glantar na lobhair, agus atá éisteacht ag bodhránaibh, aithbheodhtar na mairbh, agus atá an soiscéal d’á innsint do na bochtaibh.


Agus tar éis Eoin do chur i bpríosún, tháinig Íosa isteach ’sa nGalilé ag craobhscaoileadh soiscéil Dé,


Agus cibé áit ’n‐a dtéigheadh sé isteach, i mbailtibh beaga, nó i gcathrachaibh, nó fá’n tuaith, do chuiridís na daoine breoite ar na sráidibh, agus d’impidhdís air a leigean dóibh fiú cuimilt le h‐imeall a bhrait: agus an méid do chuimil leis do leigheasadh iad.


Agus ba mhór ba iongnadh leis a n‐uireasbhaidh creidimh. Agus do chuaidh sé ag teagasc ins na bailtibh beaga thart timcheall.


Agus do ghluais sé roimhe tríd na cathrachaibh agus tríd na sráid‐bhailtibh, ag teagasc, agus é ag dul fá dhéin Iarúsalem.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasardha leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht: gur ghluais sé roimhe ag déanamh deagh‐ghníomh, agus ag leigheas gach duine do bhí fá smacht an diabhail; óir do bhí Dia leis.


A phobail Israel, éistidh leis na briathraibh seo: Íosa Nasardha, duine do mhol Dia dhaoibh leis na cumhachtaibh, agus leis na míorbhailtibh, agus leis na cómharthaibh, do‐rinne Dia tríd ’n‐bhúr measc, mar is eol daoibh féin;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí