Salm 41 - An Bíobla Naofa 1981Urnaí an Duine Bhreoite 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. 2 Is méanar don té ar cúram leis an dealbh is an daibhir; saorfaidh an Tiarna é in am na buartha. 3 Coimeádfaidh sé beo é, tabharfaidh sé séan dó ar talamh agus ní thabharfaidh sé suas é do thoil a eascairde. 4 Tabharfaidh sé neart dó ar leaba a thinnis agus déanfaidh a leigheas le linn a bhreoiteachta. 5 Is é a dúirt mise: “Déan trócaire orm, a Thiarna, slánaigh m'anam de bhrí gur pheacaíos ort.” 6 Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais: “Cathain a éagfaidh sé go ndearmadfar a ainm?” 7 Tagann siad do m'fhéachaint le caradas bréige; scaipeann siad a mbréaga fúm amuigh le caint mhailíseach. 8 Bíonn m'aos fuatha ag cogarnach le chéile i m'éadan; bíonn siad ag machnamh ina gcroí ar an tubaiste a bhain dom. 9 “Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile, “an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.” 10 Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinín agus a d'itheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i m'éadan! 11 Ach tusa, a Thiarna, bíodh trua agat dom; déan mo thógáil arís go ndíolfaidh mé an comhar leo. 12 Ansin beidh a fhios agam go bhfuil lé agat liom nuair nach ndéanfaidh m'eascairde a mbua a mhaíomh orm. 13 Má dhéanfaidh tú trua dom tabharfaidh tú slán mé agus cuirfidh tú i mo sheasamh i do láthair go brách mé. 14 Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael go brách. Moladh leis ó aois go haois. Amen. Amen. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart