Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 An uair sin féin leigheas sé mórán óna ngalair agus óna n‑éagruais agus ó dhrochspioraid, agus thug bua an radhairc do mhórán dall.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Agus in alt na huaire úd leigheas sé mórán daoine ó aicídí agus ó phlánna agus ó dhrochdheamhain, agus thug sé an radharc do mhórán mór de dhaill.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus an uair chéadna sin leigheas sé mórán ó ghalair agus ó chréachta agus ó ainspioraid, agus thug sé an t-amharc do mhórán dall.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus an uair chéadna sin do leigheas sé mórán daoine ó ghalaraibh, agus ó aicídibh, agus ó dhroch‐spioraidibh; agus thug sé radharc do mhórán dall,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus ar an uár sin fein do chlánuigh seisean mórán dáoine ó easláintibh agus ó phláighibh, agus ó dhroch spioraduibh; agus thug sé á radharc do mhórán dall.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus an uair chéadna san do leighis sé mórán daoine ó n-a ngalaraibh agus ó n-a gcneadhaibh, agus ó annspridíbh, agus thug sé radharc do mhórán dall.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 An uair sin féin leigheas sé mórán óna ngalair agus óna n-éagruais agus ó dhrochspioraid, agus thug bua an radhairc do mhórán dall.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:21
12 Tagairtí Cros  

tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith peaca do shearbhóntaí agus do phobail Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht.


Ach má thagann an sagart agus an teach a iniúchadh agus a fheiceáil nár leath an galar sa teach tar éis a phlástrála, ansin fógraíodh an sagart an teach a bheith glan, óir tá an galar leigheasta.


Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.


Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.


Mar bhí sé tar éis mórán daoine a leigheas, sa chaoi, iad seo uile a raibh aicídí orthu, go mbídís ag plódú air chun baint leis.


Agus stad an doirteadh fola aici láithreach, agus mhothaigh sí ina corp go raibh sí leigheasta óna gearán.


Dúirt sé léi: “A iníon, do chreideamh a shlánaigh thú. Imigh leat faoi shíocháin, agus bí slán ó do ghearán.”


Nuair a tháinig na fir ina láthair dúirt siad: “Chuir Eoin Baiste chugat sinn á rá: ‘An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?’ ”


Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht agus sciúrsálann sé gach duine a nglacann sé leis mar mhac.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí