Lúcás 7 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil VII Leigheasann Críost giolla an cheanntúra: tógann sé mac na baintreabhaighe ó’n bhás: bheir sé freagair ar theachtairí Eoin: agus bheir sé maitheamhnas do’n mhnaoi a raibh aithreachas uirthí. 1 Agus nuair a chríochnuigh sé a chuid cainnte uilig i n-éisteacht na ndaoine, chuaidh sé isteach go Capharnaum. 2 Agus bhí seirbhíseach tinn i riocht an bháis ag ceanntúir áirithe, agus cion mór aige air. 3 Agus nuair a chuala sé fá Íosa, chuir sé seanóirí na n-Iúdach chuige d’iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a leigheas. 4 Agus nuair a tháinic siad chuig Íosa, ghuidh siad é go dúthrachtach, ag rádh leis: Is airidhe air go ndéanfá seo dó; 5 Óir tá grádh aige dár gcineadh, agus thóg sé an tsineagóg dúinn. 6 Agus chuaidh Íosa leo. Agus nuair a bhí sé cheana féin i ngaobhar do’n tigh, chuir an ceanntúir cáirde chuige, a rádh: A Thighearna, ná bí do bhodhradh féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteach faoi mo dhíon; 7 Ar an adhbhar sin níor mheas mé gurbh fhiú mé féin teacht chugat; acht abair an focal, agus béidh mo ghiolla slán. 8 Óir is duine mise fosta atá faoi smacht, agus tá saighdiuirí fúm, agus deirim leis an fhear seo: Imthigh, agus imthigheann sé; agus leis an fhear eile: Tar, agus tig sé; agus le mo sheirbhíseach: Déan seo, agus ghní sé é. 9 Agus ar a chluinstin sin do Íosa, bhí iongantas air, agus ag tionntódh thart dó chuig na sluaighte a bhí ghá leanamhaint, dubhairt sé: Amén adeirim libh, ní fhuair mé a leithéid sin de chreideamh i n-Israél féin. 10 Agus ar philleadh abhaile do na daoine a cuireadh chuige, fuair siad slán an seirbhíseach a bhí tinn. 11 Agus thárla ina dhiaidh sin go ndeachaidh sé isteach i gcathair dá ngoirtear Naim, agus chuaidh a dheisciobail agus sluagh mór i n-aoinfheacht leis. 12 Agus nuair a tháinic sé cómhgarach do gheafta na cathrach, féach, bhí duine marbh dá iomchar amach, aonmhac a mháthar; agus bhí sise ina baintreabhaigh: agus bhí sluagh mór de mhuinntir na cathrach léi. 13 Agus nuair a chonnaic an Tighearna í, bogadh é le truaighe dí, agus dubhairt sé léi: Ná caoin. 14 Agus tháinic sé ar aghaidh agus chuir sé a lámh ar an chróchar. (Agus sheasuigh na daoine a bhí ag iomchar.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, éirigh. 15 Agus d’éirigh an té a bhí marbh ina shuidhe, agus thoisigh sé a labhairt. Agus thug sé dá mháthair é. 16 Agus tháinic eagla ortha uilig, agus thug siad glóir do Dhia, ag rádh: D’éirigh fáidh mór i n-ár measc, agus dhearc Dia ar a mhuinntir. 17 Agus chuaidh an scéal seo fá dtaoibh de amach fríd Iudaia go h-iomlán, agus fríd an tír uilig thart timcheall. 18 Agus d’innis deisciobail Eoin dó fá na neithe seo uilig. 19 Agus ghoir Eoin chuige beirt dá dheisciobail, agus chuir sé chuig Íosa iad, a rádh: An tusa an té atá le theacht, nó an mbéimíd ag súil le duine eile? 20 Agus nuair a tháinic na fir chuige, dubhairt siad: Chuir Eoin Baiste sinne chugat, a rádh: An tusa an té atá le theacht, nó an mbéimíd ag súil le duine eile? 21 Agus an uair chéadna sin leigheas sé mórán ó ghalair agus ó chréachta agus ó ainspioraid, agus thug sé an t-amharc do mhórán dall. 22 Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: Imthighigidh agus innsigidh do Eoin na neithe a chuala sibh agus a chonnaic sibh, go bhfuil radharc ag na daill, go bhfuil siubhal ag na bacaigh, go nglantar na lobhair, go bhfuil éisteacht ag an bodhair, go n-éirigheann na mairbh, go bhfuil an soiscéal dá theagasc do na bochta. 23 Agus is beannuighthe an té ar bith nach bhfuighidh scainneal ionnam-sa. 24 Agus nuair a d’imthigh teachtairí Eoin, thoisigh sé a rádh leis na sluaighte fá Eoin: Cad é a ndeachaidh sibh amach san fhásach a fheiceáil? Giolcach dá luascadh le gaoith? 25 Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Duine gléasta i n-éadaighe míne? Féach, is i dtighthe ríogh a bhíos lucht an éadaigh luachmhair agus an tsóigh. 26 Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Fáidh? Is eadh, deirim libh, agus duine is mó ná fáidh. 27 Is é seo an té a bhfuil sé scríobhtha fá dtaoibh de: Féach, tá mé ag cur m’aingil rómhat amach chun do shlighe a réidhteach rómhat. 28 Óir deirim libh: Ní fhuil ortha sin a rugadh ó mhná aon fháidh is mó ná Eoin Baiste; acht an té ar lugha é i ríoghacht Dé, is mó é ná eisean. 29 Agus na daoine uilig a bhí ag éisteacht, agus na puibliocánaigh, d’admhuigh siad ceart Dé, óir bhí siad baistthe le baisteadh Eoin. 30 Acht tharcuisnigh na Fairisínigh agus na dlightheoirí cómhairle Dé ina n-aghaidh féin, óir níor ghlac siad-san a bhaisteadh. 31 Agus dubhairt an Tighearna: Cá leis mar sin a samhlóchardh mé muinntir na glúine seo? agus cá leis ar cosamhail iad? 32 Is cosamhail iad le páistí ina suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag labhairt le chéile, agus ag rádh: Rinneamar píobaireacht díbh, agus ní dhearna sibh rinnce; rinneamar mairgneach díbh, agus níor chaoin sibh. 33 Óir tháinic Eoin Baiste agus gan é ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: Tá deamhan ann. 34 Tháinic Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: Féach, duine craosach, póitire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. 35 Agus fuair an eagna a saoradh ó n-a cloinn féin go léir. 36 Agus d’iarr duine de na Fairisínigh air biadh a chaitheamh ina chuideachta, agus ar dhul isteach i dtig an Fhairisínigh dó, shuidh sé síos chun bídh. 37 Agus féach, bean a bhí ina peacach san chathair, nuair a b’eol dí go raibh sé ag caitheamh bídh i dtigh an Fhairisínigh, thug sí léi bocsa alabastair d’ungadh, 38 Agus ina seasamh taobh thiar de ag a chosa, thoisigh sí a nighe a chos le n-a deora, agus á dtriomughadh le gruaig a cinn, agus bhí sí ag pógadh a chos agus ghá gcuimilt leis an ungadh. 39 Agus ghá fheiceáil seo do’n Fhairisíneach a thug cuireadh dó, labhair sé leis féin, ag rádh: Dá mba fáidh é seo, bhéadh a fhios aige go cinnte cé h-í an bhean seo, agus cad é an cinéal mná í, atá ag baint leis, óir is peacach í. 40 Agus dubhairt Íosa leis, ghá fhreagairt: A Shíomoin, tá rud éigin agam le rádh leat. Agus dubhairt seisean: A Mháighistir, abair é. 41 Bhí dha fhiachamhnach ag fear áirithe, agus bhí cúig chéad pighinn aige ar dhuine acu, agus leith-chéad ar an duine eile. 42 Agus mar nach raibh caoi díolaidheachta acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, dá bhrígh sin, ar annsa leis é? 43 D’fhreagair Síomon agus dubhairt: Creidim gurab é an té is mó ar mhaith sé dó. Agus dubhairt sé leis: Tá do bhreith ceart. 44 Agus ag tionntódh chun na mná dó, dubhairt sé le Síomon: An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinic mise isteach i do thigh, agus ní thug tú uisce damh fá choinne mo chos; acht nigh sise mo chosa le n-a deora agus thriomuigh sí iad le n-a cuid gruaige. 45 Ní thug tusa póg damh; acht ó tháinic sí seo isteach níor stad sí de phógadh mo chos. 46 Níor ung tusa mo cheann le h-ola; acht d’ung sise mo chosa le h-ungadh. 47 Ar an adhbhar sin, deirim leat: Tá mórán peacaidhe maithte dí, de bhrígh gur ghrádhuigh sí go mór; acht an té dá maithtear an beagán, is lugha a ghrádh. 48 Agus dubhairt sé léi: Tá na peacaidhe maithte duit. 49 Agus iad sin a bhí ina suidhe chun bídh ina chuideachta, thoisigh siad a rádh leo féin: Cé h-é seo a ghní fiú peacaidhe a mhaitheamh? 50 Agus dubhairt sé leis an mhnaoi: Rinne do chreideamh slán thú; imthigh fá shíothcháin. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland