Lúcás 7:20 - An Bíobla Naofa 198120 Nuair a tháinig na fir ina láthair dúirt siad: “Chuir Eoin Baiste chugat sinn á rá: ‘An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?’ ” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)20 Agus nuair a tháinig na fir chuige, dúirt siad, “Chuir Eoin Baiste chugat sinn, á rá, ‘An Tú an té atá le teacht, nó an bhfuilimid ag feitheamh le duine eile?’” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara20 Agus nuair a tháinic na fir chuige, dubhairt siad: Chuir Eoin Baiste sinne chugat, a rádh: An tusa an té atá le theacht, nó an mbéimíd ag súil le duine eile? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)20 Agus nuair tháinig na fir chuige, adubhradar, Do chuir Eoin Baiste chugat‐sa sinn, g‐á rádh, An tusa an té atá le teacht, nó an bhfuil orainn fanamhain le duine éigin eile? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)20 Agus an tan thangadar na firsi shuigesean, a dubhradar, Do chuir Eóin Baisde sinne chugad, ag rádh, An tusa an té do bhí chum teachda? nó an bhfuilmid ag feathamh ré neach eile? Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)20 Agus nuair a thánadar na fir chuige dubhradar: Chuir Eóin Baiste ag triall ort-sa sinn ’ghá rádh: An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201220 Nuair a tháinig na fir ina láthair dúirt siad: “Chuir Eoin Baiste chugat sinn dá rá: ‘An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn a bheith ag súil le duine eile?’” Féach an chaibidil |