Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL VII. Seirbhíseach an taoisigh céad dá leigheas ag Críost. Mac na baintirighe da thógaint ó’n mbás aige. Freagra uaidh do sna teachtairí a tháinig ó Eóin, agus maitheamhnachas ’á thabhairt aige do’n pheacach aithrígheach.

1 Agus nuair a bhí iomláine a chainte go léir labhartha aige isteach i gcluasaibh na ndaoine, thainig sé isteach go Capharnaum.

2 Agus bhí taoiseach céad n-a raibh seirbhíseach leis breóite, agus ba mhór aige an seirbhíseach, agus bhí sé ag dul chun báis.

3 Agus d’airigh sé i dtaobh Íosa, agus chuir sé ag triall air seanóirí Iúdacha ’ghá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas.

4 Agus nuair a thánadar-san ag triall ar Íosa d’iarradar go cruaidh air dul, agus dubhradar; Is fiú é go ndéanfá an nídh sin dó,

5 Óir tá grádh aige d’ár gcine, agus do chuir sé féin suas sinagóg dúinn.

6 Agus bhí Íosa ag dul leó, agus nuair a bhíodar tagaithe i n-achmaireacht do’n tigh do chuir an taoiseach céad cáirde leis ag triall air chun a rádh: A Thighearna, ná cuir thu féin chun trioblóide, mar ní fiú mise go dtiocfá fá m’dhíon isteach:

7 Is uime sin nár thuigeas gur bh’fhiú mé mé féin do dhul ag triall ort; ach abair i bhfocal é agus beidh mo sheirbhiseach slán.

8 Óir is duine mise atá socair fé smacht, agus tá fir fé smacht agam; agus deirim le fear, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé; agus le m’sheirbhíseach, Dein so, agus deineann sé é.

9 Agus nuair a d’airigh Íosa an méidh sin dhein sé iongna dhe, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine a bhí ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, ní’l a leithéid sin de chreideamh fághalta agam i n-Israél féin.

10 Agus na daoine a tháinig do chuadar thar n-ais abhaile, agus an seirbhíseach a bhí ag dul chun báis fuaradar leighiste é.

11 Agus do thárla ’n-a dhiaidh san go raibh sé ag dul go dtí an chathair ar a dtugtar Náim, agus bhí a dheisgiobuil i n-aonfheacht leis agus sluagh mhór.

12 Agus nuair a bhí sé ag teacht chun geata na catharach, féach, bhí corp d’á bhreith amach, aonmhac a bhí agá mháthair, agus baintreach ab eadh an mháthair; agus bhí sochraid mhór de mhuintir na catharach léi.

13 Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bhí ag gol.

14 Agus tháinig sé agus chuir sé a lámh ar an gcómhrainn. (Agus do stad an mhuintir a bhí ag iompar na cómhran.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, eirigh.

15 Agus d’eirigh an duine marbh ’n-a shuidhe agus chrom sé ar chaint. Agus thug sé d’á mháthair é.

16 Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar: Tá fáidh mór eirighthe ’n-ár measg, agus tháinig Dia ag féachaint a dhaoine.

17 Agus do leath an focal san amach ’n-a thaobh tré Iúdaéa go léir agus tríd an ndúthaigh mór-thímpal;

18 Agus d’innseadar a dheisgiobuil d’Eóin na neithe sin go léir.

19 Agus do ghlaoidh Eóin chuige beirt d’á dheisgiobulaibh, agus chuir sé chun Íosa iad ’ghá rádh: An tusa an t-é a bhí le teacht nó a’ bhfuil orainn feitheamh le duine eile?

20 Agus nuair a thánadar na fir chuige dubhradar: Chuir Eóin Baiste ag triall ort-sa sinn ’ghá rádh: An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile?

21 Agus an uair chéadna san do leighis sé mórán daoine ó n-a ngalaraibh agus ó n-a gcneadhaibh, agus ó annspridíbh, agus thug sé radharc do mhórán dall.

22 Ansan d’fhreagair sé iad-san agus dubhairt leó: Téighidh thar n-ais agus innsidh d’Eóin cad a chloiseabhair agus cad a chonacabhair; radharc ’á thabhairt do dhallaibh, siubhal do bhacachaibh, na lobhair d’á nglanadh, éisteacht ’á thabhairt do bhodharaibh, na mairbh ag aiseirighe, an soisgéal d’á chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh.

23 Agus is aoibhinn do’n t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa.

24 Agus nuair a bhí teachtairí Eóin imthighthe chrom sé ar a rádh leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad ’á dh’fheisgint go ndeaghabhair amach sa bhfásach? Cuaille d’á shuathadh le gaoith an eadh?

25 Ach cad ’á d’fheisgint go ndeaghabhair amach? Duine i n-éadaighibh míne an eadh? Féach, is i dtighthibh na righthe a bhíonn lucht an éadaigh uasail agus an bheatha shóghaigh.

26 Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a chuadhabhair amach? Fáidh an eadh? Iseadh, a deirim libh, agus duine is mó ’ná fáidh.

27 Sidé an duine ar a bhfuil sgríobhtha: Féach, tá m’aingeal agam d’á chur rómhat amach agus ollmhóchaidh sé do shlígh rómhat.

28 Deirim libh é: Ar ar rugadh ó mhnáibh de dhaoinibh ní’l fáidh is mó ’na Eóin Baiste; agus an t-é is lúgha i rígheacht Dé is mó é ’ná eisean.

29 Agus nuair airigh na daoine go léir agus na puibliocánaigh an chaint sin d’admhuíghdar ceart Dé, óir bhíodar tar éis a mbaiste le baisteadh Eóin.

30 Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé ’n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin.

31 Dubhairt an Tighearna, ámhthach: Cé leis, d’á bhrígh sin, go samhlóchad muintir an tsleachta so? Agus cé leis gur cosmhail iad?

32 Is cosmhail iad le leanbhaí ’n-a suidhe ar áit an mhargaidh agus ag caint le n-a chéile, nuair a deirid siad: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; dheineamair caoine, agus níor ghoileabhair.

33 Óir do tháinig Eóin Baiste agus ní raibh sé ag ithe aráin ’ná ag ól fíona; agus deirthí-se, Tá deamhan ann.

34 Tháinig Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól; agus deirthí-se, Féach an fear craosach, fear an fhíona dh’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach.

35 Agus tá an eagna ceartuighthe ó n-a clann féin go léir.

36 Agus d’iarr duine de sna Fairisínigh air dul agus bia chaitheamh i n’ fhochair; agus chuaidh sé isteach i dtigh an Fhairisínigh, agus do shuidh sé chun búird.

37 Agus féach bhí bean a bhí ’n-a peacach sa chathair, agus fuair sí amach go raibh sé ag caitheamh bídh i dtigh an Fhairisínigh agus thug sí léi alabastrom ola,

38 Agus sheasaimh sí lastiar i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig, agus bhi sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola dhíobh.

39 Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an saghas í, gur bean pheacamhail í.

40 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: A Shímóin, tá nídh agam le rádh leat. Agus dubhairt seisean: Abair é, a Mháighistir.

41 Bhí fear ann agus bhí fiacha aige ar bheirt; bhí chúig céad píosa airgid aige ar dhuine acu agus caogad píosa ar an nduine eile.

42 Ní raibh an chumas aoinne acu díoluigheacht a déanamh, agus do mhaith sé na fiacha dhóibh araon. Cé ’cu de’n bheirt is mó grádh dhó?

43 Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: Measaim gur b’é an t-é is mó n-ar mhaith sé dhó. Agus dubhairt sé leis: Tá do bhreith ceart.

44 Agus d’iompuigh sé chun na mná, agus dubairt sé le Símón: An bhfeiceann tú an bhean san? Thánag isteach ad’ thigh-se, níor thugais-se dhom uisge dom’ chosaibh; ach do nigh sí seo mo chosa le n-a deóraibh, agus do thriomuigh sí iad le n-a gruaig.

45 Níor thugais-se póg dom; ach ó tháinig sí seo isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos.

46 Níor ongais-se mo cheann le h-ola, ach d’ong sí seo mo chosa le h-ola.

47 D’á bhrígh sin adeirim leat: Táid a lán peacaí maithte dhi tré mhéid a grádha. An t-é, ámhthach, d’á maithtear an beagán is beagán a ghrádh.

48 Agus dubhairt sé léi-se: Táid na peacaí maithte dhuit.

49 Agus do chrom an mhuintir a bhí ag an mbórd ar a rádh ’n-a n-aigne féin: Cé h-é seo, a théigheann chómh fada le peacaí mhaitheamh?

50 Agus dubhairt seisean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcáin.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí