Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus do ghlaoidh Eóin chuige beirt d’á dheisgiobulaibh, agus chuir sé chun Íosa iad ’ghá rádh: An tusa an t-é a bhí le teacht nó a’ bhfuil orainn feitheamh le duine eile?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Agus ghlaoigh Eoin ar bheirt dá dheisceabail gur chuir chuig an Tiarna iad leis an teachtaireacht seo, “An tú an té atá le teacht, nó an bhfuilimid ag feitheamh le duine eile?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus ghoir Eoin chuige beirt dá dheisciobail, agus chuir sé chuig Íosa iad, a rádh: An tusa an té atá le theacht, nó an mbéimíd ag súil le duine eile?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus do ghlaodh Eoin chuige beirt d’á dheisceablaibh, agus do chuir sé chum an Tighearna iad, g‐á rádh, An tusa an té atá le teacht, nó an bhfuil orainn fanamhain le duine éigin eile?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus are ngairm Deóin deisi áirighe dá dheisciobluibh chuige do chuir sé dionsuighe Iósa íad, ag rádh, An tusa an té do bhí chum teachda? nó an bhfuilmid ag feathamh ré neach eile?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 agus chuir scéala go dtí an Tiarna dá rá: “An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn a bheith ag súil le duine eile?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 agus chuir scéala go dtí an Tiarna á rá: “An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:19
38 Tagairtí Cros  

Agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaidh ’n-a mbeirt a’r ’n-a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe.


Tar éis na neith sin do cheap an Thíghearna dháréag agus trí fichid eile, agus chuir sé roimis amach iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, chun gach baile agus áit n-a raibh sé féin le teacht ann.


Agus do tharla, agus é i n-áit áirithe ag déanamh úrnuighthe, go ndubhairt duine dh’á dheisgiobuil leis nuair a stad sé: A Thighearna, teagaisg dúinn conus úrnuighthe déanamh fé mar a theagaisg Eóin d’á dheisgiobuil.


Agus dubhairt an Tighearna leis: Anois, a Fhairisíneacha, glanann síbh-se an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; agus bíonn an taobh istigh díbh féin lán de ghadaidheacht agus de mhalluightheacht.


Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíobhard dílis ciallmhar á chuir an Tighearna os cionn a theaghlaigh chun a dtómhais cruithneachtan a thabhairt dóibh i dtráth?


Agus d’fhreagair an Tighearna é agus dubhairt sé: A chealgairí, ná sgaoileann gach aoinne agaibh-se a bhó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé chun uisge iad, lá na sabbóide?


Agus dubhairt na h-Aspoil leis an dTighearna: Méaduigh creideamh dúinn.


Agus dubhairt an Tighearna: Dá mbeadh oiread gráinne mustáird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do phréamhachaibh thú agus curtar sa bhfaraige thu, agus dhéanfadh sé rud oraibh.


Agus dubhairt an Tighearna leó: Cloiseann sibh cad dubhairt an breitheamh aincheart;


Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubhairt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam ’á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam ’á dhéanamh leis fó cheathair.


Agus d’iompuigh an Tighearna agus d’fhéach sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt an Tighearna: Sar a nglaoidhfidh an coileach séanfir-se mise trí h-uaire.


Agus: Tá an Tighearna eirighthe go deimhin, agus thaisbeáin sé é féin do Shímón, ar siad.


Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bhí ag gol.


Agus nuair a thánadar na fir chuige dubhradar: Chuir Eóin Baiste ag triall ort-sa sinn ’ghá rádh: An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile?


B’í sin Máire do dhoirt an ola ar an dTighearna agus do thriomuigh a chosa le n-a gruaig agus isé a dritháir Lasarus a bí breóite.


Nuair a chonaic Íosa gur airigh na Fairisínigh go raibh níos mó deisgiobul ag Íosa ’á dhéanamh agus ’á bhaisteadh ’ná mar a bhí ag Eóin


Dubhairt an bhean leis: Tá fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a thiocfaidh sé sin neósfaidh sé gach aon rud dúinn.


Tháinig, ámhthach, loingeas eile ó Thiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-itheadh an t-arán, nuair a ghaibh an Tighearna buidheachas;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí