Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus do thárla ’n-a dhiaidh san go raibh sé ag dul go dtí an chathair ar a dtugtar Náim, agus bhí a dheisgiobuil i n-aonfheacht leis agus sluagh mhór.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí cathair a raibh Náín mar ainm uirthi, agus bhí a dheisceabail agus slua mór daoine ina chuideachta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus thárla ina dhiaidh sin go ndeachaidh sé isteach i gcathair dá ngoirtear Naim, agus chuaidh a dheisciobail agus sluagh mór i n-aoinfheacht leis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus tharla, tamall ’n‐a dhiaidh sin, go ndeachaidh sé go cathair ar a dtugtar Náin, agus do chuaidh a dheisceabail agus sluagh mór daoine i n‐éinfheacht leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus tárla an lá na dhiáigh sin, go ndeachaidh sé don chathruigh dá ngoirthear Náin; agus do chúadar mórán dá dheisciobluibh leis, agus buidhean mhór.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór dá thionlacan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór á thionlacan.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:11
3 Tagairtí Cros  

Agus na daoine a tháinig do chuadar thar n-ais abhaile, agus an seirbhíseach a bhí ag dul chun báis fuaradar leighiste é.


Agus nuair a bhí sé ag teacht chun geata na catharach, féach, bhí corp d’á bhreith amach, aonmhac a bhí agá mháthair, agus baintreach ab eadh an mháthair; agus bhí sochraid mhór de mhuintir na catharach léi.


Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí