Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus na daoine a tháinig do chuadar thar n-ais abhaile, agus an seirbhíseach a bhí ag dul chun báis fuaradar leighiste é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus nuair a dʼfhill na teachtairí ar an teach, chonaic siad go raibh an mogha leigheasta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus ar philleadh abhaile do na daoine a cuireadh chuige, fuair siad slán an seirbhíseach a bhí tinn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus na daoine do cuireadh chuige, nuair d’fhilleadar chum an tighe, fuaradar an seirbhíseach slán, leigheasta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus ar bhfilleadh a steach, do na teachduiribh do cuireadh chuige, fúaradar an searchfhoghantaidh do bhí tinn slán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Agus ar dhul ar ais chun an tí dóibh, fuair na teachtairí an seirbhíseach slán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Agus ar dhul ar ais chun an tí dóibh, fuair na teachtairí an seirbhíseach slán.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:10
6 Tagairtí Cros  

Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.


Agus dubhairt Íosa leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do’n bhuachaill an uair sin.


Agus, láithreach, do sgread athair an bhuachalla, agus na deóra leis: Creidim, a Thighearna: fóir m’easba creidimh.


Agus do thárla ’n-a dhiaidh san go raibh sé ag dul go dtí an chathair ar a dtugtar Náim, agus bhí a dheisgiobuil i n-aonfheacht leis agus sluagh mhór.


Agus nuair a d’airigh Íosa an méidh sin dhein sé iongna dhe, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine a bhí ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, ní’l a leithéid sin de chreideamh fághalta agam i n-Israél féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí