Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus nuair a d’airigh Íosa an méidh sin dhein sé iongna dhe, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine a bhí ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, ní’l a leithéid sin de chreideamh fághalta agam i n-Israél féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Nuair a chuala Íosa na briathra sin rinne sé iontas den té a dúirt iad, agus thiontaigh sé thart go ndúirt leis an slua a bhí á leanúint, “Tá mise á insint daoibh nach bhfuair mé riamh creideamh chomh mór leis sin, in Iosrael féin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus ar a chluinstin sin do Íosa, bhí iongantas air, agus ag tionntódh thart dó chuig na sluaighte a bhí ghá leanamhaint, dubhairt sé: Amén adeirim libh, ní fhuair mé a leithéid sin de chreideamh i n-Israél féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus nuair do‐chuala Íosa an méid sin, ba iongnadh mór leis é, agus d’iompuigh sé agus adubhairt sé leis an sluagh do bhí g‐á leanamhain, Adeirim libh, Nach bhfuaras an oiread sin creidimh i nIsrael féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus ar ná gcloisdin so Díosa, do bhí iongnadh aige ann, agus ar bhfilleadh dhó, a dubhairt sé ris a tslúagh do lean é, A deirim ribh, Nach bhfuair mé a Nisrael féin, a chomhmór se do chreideamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí dá leanúint, dúirt: “Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí á leanuint, dúirt: “Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:9
9 Tagairtí Cros  

Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.


Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.


Agus nuair a cuireadh amach an deamhan do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacathas a leithéid sin riamh i n-Israél.


Agus na daoine a tháinig do chuadar thar n-ais abhaile, agus an seirbhíseach a bhí ag dul chun báis fuaradar leighiste é.


Agus dubhairt seisean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcáin.


Óir is duine mise atá socair fé smacht, agus tá fir fé smacht agam; agus deirim le fear, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé; agus le m’sheirbhíseach, Dein so, agus deineann sé é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí