Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:32 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Is cosmhail iad le leanbhaí ’n-a suidhe ar áit an mhargaidh agus ag caint le n-a chéile, nuair a deirid siad: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; dheineamair caoine, agus níor ghoileabhair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Is cosúil iad le páistí óga ina suí i sráid an mhargaidh agus iad ag glaoch ar a chéile. ‘Rinneamar portaíocht daoibh agus ní dheachaigh sibh a dhamhsa, chuamar a chaoineadh daoibh agus ní dhearna sibh mairgneach.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Is cosamhail iad le páistí ina suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag labhairt le chéile, agus ag rádh: Rinneamar píobaireacht díbh, agus ní dhearna sibh rinnce; rinneamar mairgneach díbh, agus níor chaoin sibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Is cosmhail iad le leanbhaibh ’n‐a suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag glaodhach ar a chéile g‐á rádh, Do‐rinneamar ceol ar an bfeadán daoibh, agus ní dhearnabhar damhsa; do‐rinneamar caoineadh, agus ní dhearnabhar gol.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 As cosmhul íad re leanbuibh na suidhe ar áit an mharguidh, agus éighmheas ar á chéile, agus a deir: Dó rinneamair píobaireachd dhaóibh, agus ní dhearnabhair damhsa; do rinneamair caoí dhaóibh, agus ní dhearnabhair gul.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh, ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach ní dhearna sibh gol.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

32 Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh, ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach ní dhearna sibh gol.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:32
9 Tagairtí Cros  

Agus chuaidh sé amach airís tímpal an trímhadh h-uair, agus fuair sé tuille ’n-a seasamh díomhaoin ag áit an mhargaidh;


Dubhairt an Tighearna, ámhthach: Cé leis, d’á bhrígh sin, go samhlóchad muintir an tsleachta so? Agus cé leis gur cosmhail iad?


Óir do tháinig Eóin Baiste agus ní raibh sé ag ithe aráin ’ná ag ól fíona; agus deirthí-se, Tá deamhan ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí