Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Ach cad ’á d’fheisgint go ndeaghabhair amach? Duine i n-éadaighibh míne an eadh? Féach, is i dtighthibh na righthe a bhíonn lucht an éadaigh uasail agus an bheatha shóghaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Ach cad é a chonaic sibh nuair a chuaigh sibh amach? An fear é a raibh éadaí míne air? Ach an dream úd a bhíos gléasta go galánta is i gcúirteanna ríthe a mhaireann siad siúd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Duine gléasta i n-éadaighe míne? Féach, is i dtighthe ríogh a bhíos lucht an éadaigh luachmhair agus an tsóigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Acht créad é go ndeachabhar amach le n’fheicsin? Duine agus éadaighe míne air? Féach, iad‐san go mbíonn éadaighe maiseacha umpa, agus go mbíonn saoghal sócamhlach aca, is i dtighthibh na ríogh bhíd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Achd créud é an ní agá ndeachabhair amach dá Chéuchuin? Duine atá ar na éudughadh a néuduighibh mine? Féuch, an luchd bhíos a néudaighibh onóracha, agus a saimhe, is a bpálásuibh na ríogh bhíd síad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe in éadaí míne? Iad seo a bhíonn gléasta go niamhrach agus a mhaireann go beadaí, is i bpáláis na ríthe atá siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe in éadaí míne? Iad seo a bhíonn gléasta go niamhrach agus a mhaireann go beadaí, is i bpáláis na ríthe atá siad.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:25
16 Tagairtí Cros  

Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fear i n-éadaighibh míne? Féach, i dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mhín.


Agus isé éadach a bhí ar Eóin ná éadach déanta de ruainneach camal, agus crios leathair ar a chom; agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain.


Deirim libh, ámhthach, ná raibh Salomón féin i n-a ghradam go léir clúdaithe mar cheann acu san.


Bhí duine saidhbhir ann agus é i n-éadach chorcra agus i lín-éadach mhín agus é ag caitheamh bídh bhuacaigh gach lá.


Agus nuair a bhí teachtairí Eóin imthighthe chrom sé ar a rádh leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad ’á dh’fheisgint go ndeaghabhair amach sa bhfásach? Cuaille d’á shuathadh le gaoith an eadh?


Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a chuadhabhair amach? Fáidh an eadh? Iseadh, a deirim libh, agus duine is mó ’ná fáidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí