Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ansan d’fhreagair sé iad-san agus dubhairt leó: Téighidh thar n-ais agus innsidh d’Eóin cad a chloiseabhair agus cad a chonacabhair; radharc ’á thabhairt do dhallaibh, siubhal do bhacachaibh, na lobhair d’á nglanadh, éisteacht ’á thabhairt do bhodharaibh, na mairbh ag aiseirighe, an soisgéal d’á chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Agus ba é an freagra a thug sé orthu, “Imígí agus insígí dʼEoin an méid a chonaic sibh agus a chuala sibh: na daill a fhaigheas a radharc, na bacaigh atá ag siúl, na lobhair atá glanta, na marbháin atá á dtógáil as an uaigh, agus an dea-scéal atá á sheanmóireacht do na bochtáin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: Imthighigidh agus innsigidh do Eoin na neithe a chuala sibh agus a chonnaic sibh, go bhfuil radharc ag na daill, go bhfuil siubhal ag na bacaigh, go nglantar na lobhair, go bhfuil éisteacht ag an bodhair, go n-éirigheann na mairbh, go bhfuil an soiscéal dá theagasc do na bochta.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Téighidh, agus innisidh d’Eoin gach a bfacabhar agus a gcualabhar; do‐gheibh na daill a radharc; siubhlann na bacaigh, glantar na lobhair, cluineann na bodhair, aiséirigheann na mairbh, craobhscaoiltear an soiscéal do na bochtaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Ar nimtheachd díbh, innisidh Deóin na neithe do chonncabhair agus do chúalabhair; go bhfaicid na daill, go siubhlaíd na bacuidh, go nglantar na lobhair, go gchimid na bodhair, go néirghid na mairbh, go bhfuil an soisgéul dá sheanmóir do na bochdaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Agus dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Imígí agus insígí dʼEoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí d'Eoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:22
31 Tagairtí Cros  

Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á theagasg dos na bochtaibh.


Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampul, agus do leighis sé iad.


Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d’á bhrígh sin d’ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas,


Agus an uair chéadna san do leighis sé mórán daoine ó n-a ngalaraibh agus ó n-a gcneadhaibh, agus ó annspridíbh, agus thug sé radharc do mhórán dall.


Agus is aoibhinn do’n t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa.


Agus dubhairt Natanaél: An féidir aon nídh fóghanta theacht ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic.


Chun a súl a osgailt dóibh ionus go n-iompóchaidís ó’n ndoircheacht chun an tsoluis agus ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maitheamhnachas peacaí agus inead ameasg naomh tríd an gcreideam atá ionamsa.


Mar bhí a lán acu ’na raibh spioraidí truaillighthe ionta agus go n-imthíghdís asta ag éigheamh go h-árd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí