Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus an uair chéadna san do leighis sé mórán daoine ó n-a ngalaraibh agus ó n-a gcneadhaibh, agus ó annspridíbh, agus thug sé radharc do mhórán dall.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Agus in alt na huaire úd leigheas sé mórán daoine ó aicídí agus ó phlánna agus ó dhrochdheamhain, agus thug sé an radharc do mhórán mór de dhaill.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus an uair chéadna sin leigheas sé mórán ó ghalair agus ó chréachta agus ó ainspioraid, agus thug sé an t-amharc do mhórán dall.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus an uair chéadna sin do leigheas sé mórán daoine ó ghalaraibh, agus ó aicídibh, agus ó dhroch‐spioraidibh; agus thug sé radharc do mhórán dall,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus ar an uár sin fein do chlánuigh seisean mórán dáoine ó easláintibh agus ó phláighibh, agus ó dhroch spioraduibh; agus thug sé á radharc do mhórán dall.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 An uair sin féin leigheas sé mórán óna ngalair agus óna n-éagruais agus ó dhrochspioraid, agus thug bua an radhairc do mhórán dall.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 An uair sin féin leigheas sé mórán óna ngalair agus óna n‑éagruais agus ó dhrochspioraid, agus thug bua an radhairc do mhórán dall.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:21
12 Tagairtí Cros  

Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.


Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Óir bhí mórán daoine aige ’á leigheas, agus bhí na daoine go raibh aon ghearán ortha ag brúth isteach air a d’iarraidh teangabháil leis;


Agus do thriomuigh sruth a cod’ fola an neómat san, agus d’aithin sí ar a colainn go raibh sí leighiste ó’n ngearán.


Agus dubhairt seisean léi: A ’nghean ó, do shlánuigh do chreideamh thú. Imthigh i síothcháin, agus bí slán ó’n ngearán.


Agus nuair a thánadar na fir chuige dubhradar: Chuir Eóin Baiste ag triall ort-sa sinn ’ghá rádh: An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí