Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:30 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé ’n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 ach na Fairiséigh agus na scríobhaithe, ba iad an dream nach ngéillfeadh do dhea-thoil Dé agus nár lig dʼEoin a mbaisteadh).

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Acht tharcuisnigh na Fairisínigh agus na dlightheoirí cómhairle Dé ina n-aghaidh féin, óir níor ghlac siad-san a bhaisteadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Acht do dhiúltuigh na Fairisínigh agus ollamhain na dlighe de’n chómhairle do chinn Dia ’n‐a dtaobh féin gan baisteadh do ghlacadh uaidh.)

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Achd thugadar na Phairsínigh agus an luchd dlighe tarcuisne ar chomhairle Dé na naghuídh féin, gan a bheith ar na mhaisdeagh úadhsan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:30
11 Tagairtí Cros  

Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, ag baint trialach as, agus dubhairt:


A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ar na daoine a curtar chúghat, cad é a mhinice dob’ áil liom do chlann a chruinniú, mar a chruinnigheann an t-éan a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níos bh’áil leat!


Agus má deirimíd gur bh’ ó daoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin.


Dubhairt an Tighearna, ámhthach: Cé leis, d’á bhrígh sin, go samhlóchad muintir an tsleachta so? Agus cé leis gur cosmhail iad?


Mar níor staonas ó chomhairle Dé do chur i n-iúil daoibh go h-iomlán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí