Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:40 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: A Shímóin, tá nídh agam le rádh leat. Agus dubhairt seisean: Abair é, a Mháighistir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

40 Ach dúirt Íosa leis ag tabhairt freagra air, “A Shíomóin, cogar mé seo leat.” Agus dʼfhreagair seisean, “Cad é an rud é, a Oide?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

40 Agus dubhairt Íosa leis, ghá fhreagairt: A Shíomoin, tá rud éigin agam le rádh leat. Agus dubhairt seisean: A Mháighistir, abair é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, A Shíomóin, atá focal agam le rádh leat. Agus adubhairt seisean, Abair leat, a Mháighistir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

40 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé rís, A Shiomóin, atá ní agam ré rádh riot. Agus a dubhairt seision, A Mhaighisdir, abuir romhad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

40 Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “A Shíomóin, tá rud agam le rá leat.” “A Mháistir,” ar seisean, “abair.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

40 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “A Shíomóin, tá rud agam le rá leat.” “A Mháistir,” ar seisean, “abair.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:40
16 Tagairtí Cros  

Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus thug sé póg dó.


Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Thighearna, a Thighearna, nách ad’ ainim-se a dheineamair targaireacht, agus nách ad’ ainim-se a dheineamair na deamhain do chur amach, agus nách ad’ ainim-se dheineamair mórán mírbhuiltí?


Agus cheistigh duine de sna priúnsaíbh é, agus dubhairt sé: A Mháighistir mhaith, cad tá le déanamh agam i dtreó go mbeidh an bheatha shíoruidhe agam?


Ach ó bhí fios a smuínte ag Íosa d’fhreagair sé iad agus dubhairt: Cad chuige an machtnamh so i nbhúr gcroidhe agaibh?


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní h-ag lucht sláinte atá gádh le liaigh, ach ag daoine breóite.


Ach bhí fhios a smuínte aige, agus dubhairt sé leis an nduine n-a raibh an lámh sheirgthe aige: Eirigh, agus seasaimh i lár baill. Agus d’eirigh agus do sheasaimh.


Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an saghas í, gur bean pheacamhail í.


Bhí fear ann agus bhí fiacha aige ar bheirt; bhí chúig céad píosa airgid aige ar dhuine acu agus caogad píosa ar an nduine eile.


Glaodhann sibh-se orm-sa Máighistir, agus Tighearna, agus tá an ceart agaibh, óir is mé san.


Agus bhí fhios ag Íosa gur mhian leó é cheistiú; agus dubhairt sé leó: Táthaoí ag ceistiúchán eadraibh féin i dtaobh an fhocail sin adubhart: Tamall beag, agus ní fheicsidh sibh mé; agus, tamall, beag airís, agus chífidh sibh mé.


Tá fhios againn anois go bhfuil fios gach uile nídh agat, agus nách gádh dhuit aoinne bheith ’ghad’ cheistiú: as so creidimíd gur ó Dhia a ghluaisís.


Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche, agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí