Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:39 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an saghas í, gur bean pheacamhail í.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

39 Ansin nuair a chonaic an Fairiséach a thug an cuireadh dó an méid sin, dúirt sé ina intinn leis féin, “Dá mba fháidh é an duine seo, dʼaithneodh sé cé hí agus cad é an sórt mná atá inti sin atá ag leagan láimhe air, mar is mór an peacach í.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

39 Agus ghá fheiceáil seo do’n Fhairisíneach a thug cuireadh dó, labhair sé leis féin, ag rádh: Dá mba fáidh é seo, bhéadh a fhios aige go cinnte cé h-í an bhean seo, agus cad é an cinéal mná í, atá ag baint leis, óir is peacach í.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus an Fairisíneach thug an cuireadh dhó, nuair do chonnaic sé sin, adubhairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáidh an fear so, do bhéadh a fhios aige cia h‐í an bhean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacach í.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 Agus an tan do chonnaire an phairisineach tug an cuirteadh dhósan sin, smuáin sé na inntinn, ag rádh, Dá madh fáidh an fearso, daithnéochadh sé cía agus gá bionnus an bheanso bheanus ris, óir as peacthach í.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

39 An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mbʼfháidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sórt í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

39 An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:39
25 Tagairtí Cros  

Sin mar a bheidh an mhuintir dhéanach ar tosach, agus an mhuintir thosaigh ar deire. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus níl toghtha ach beagán.


Agus deireadh na daoine: Sidé Íosa an fáidh ó Nasaret Ghaililí.


Óir is ó’n dtaobh istigh, amach a’ croidhe an duine, a thagann droch-smuínte, agus adhaltranas, agus gníomhartha drúise, agus dúnmharbhadh,


Agus do mhachtnaimh sé i n’ aigne agus dubhairt sé: Cad a dhéanfad? óir ní’l áit agam n-a gcruinneóchad mo chuid torthaí.


Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia ’n-a bhfochair.


Ansan dubhairt an stíbhard i n’aigne féin. Cad a dhéanfad, ó tá mo mháighistir ag baint na stíbhardaidheachta dhíom? Ní’lim ábalta ar rómhar a dhéanamh; is nár liom déirc do lorg.


Agus ní déanfadh ar feadh abhfad. Ach ’n-a dhiaidh san dubhairt sé i n’aigne féin, Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine agam,


Tugaidh uaibh, d’á bhrígh sin, toradh a bheidh chómh maith leis an aithrighe, agus ná cromaidh ar a rádh: Tá Ábraham i n’athair againn. Deirim libh go bhféadfadh Dia sliocht do thógaint chun Ábrahaim ó-s na clochaibh sin.


Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar: Tá fáidh mór eirighthe ’n-ár measg, agus tháinig Dia ag féachaint a dhaoine.


Agus féach bhí bean a bhí ’n-a peacach sa chathair, agus fuair sí amach go raibh sé ag caitheamh bídh i dtigh an Fhairisínigh agus thug sí léi alabastrom ola,


Agus sheasaimh sí lastiar i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig, agus bhi sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola dhíobh.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: A Shímóin, tá nídh agam le rádh leat. Agus dubhairt seisean: Abair é, a Mháighistir.


Dubhairt an bhean leis: A uasail, chím gur fáidh tu.


Agus bhí gluaireán mór ameasg na ndaoine mar gheall air. Cuid acu ’ghá rádh, Duine fóghanta iseadh é. Tuille acu ’ghá rádh, Ní h-eadh, ach ag mealladh an phobuil iseadh atá sé.


Ansan do ghlaodhadar airís ar an nduine a bhí ’n-a dhall, agus dubhradar leis: Tabhair glóire do Dhia. Is eól dúinne gur peacach an duine sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí