Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus tháinig sé agus chuir sé a lámh ar an gcómhrainn. (Agus do stad an mhuintir a bhí ag iompar na cómhran.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, eirigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Agus tháinig sé gur leag sé a lámh ar an gcróchar, agus sheas na fir a bhí á iompar. Agus dúirt sé. “A óigfhir, deirim leat, éirigh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus tháinic sé ar aghaidh agus chuir sé a lámh ar an chróchar. (Agus sheasuigh na daoine a bhí ag iomchar.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, éirigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus táinig sé agus do chuir sé a lámh ar an gcróchar: agus do stad an lucht iomchair Agus adubhairt sé, A óigfhir, adeirim leat, Éirigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus táinic sé agus do bhean sé ris an gcomhraidh: (agus do sheasadar an luchd do bhí agá iomchar) agus a dubhairt sé; A ógánaigh, a deirim riot, éirigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: “A fhir óig, deirim leat, éirigh!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: “A fhir óig, deirim leat, éirigh!”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:14
20 Tagairtí Cros  

Agus do rug sé ar láimh ar an gcailín agus dubhairt sé léi: Talita cúmí, ’sé sin, ar mhíniú, Eirigh, (adeirim leat) a chailín.


Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bhí ag gol.


Agus d’eirigh an duine marbh ’n-a shuidhe agus chrom sé ar chaint. Agus thug sé d’á mháthair é.


Agus do leath an focal san amach ’n-a thaobh tré Iúdaéa go léir agus tríd an ndúthaigh mór-thímpal;


Dubhairt Íosa léi: Is mise an aiseirighe agus an bheatha; an t-é a chreideann ionam-sa, má gheibheann sé bás féin, beidh sé beó;


Óir, fé mar a thógann an t-Athair na mairbh agus dheineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an mhuintir is toil leis.


Go deimhin deimhin adeirim libh go dtig an uair, agus is anois é, i n-a n-aireóchaid na mairbh guth Mhic Dé, agus an mhuintir a dh’aireóchaidh beid siad beó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí