Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus táinig sé agus do chuir sé a lámh ar an gcróchar: agus do stad an lucht iomchair Agus adubhairt sé, A óigfhir, adeirim leat, Éirigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Agus tháinig sé gur leag sé a lámh ar an gcróchar, agus sheas na fir a bhí á iompar. Agus dúirt sé. “A óigfhir, deirim leat, éirigh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus tháinic sé ar aghaidh agus chuir sé a lámh ar an chróchar. (Agus sheasuigh na daoine a bhí ag iomchar.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, éirigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus táinic sé agus do bhean sé ris an gcomhraidh: (agus do sheasadar an luchd do bhí agá iomchar) agus a dubhairt sé; A ógánaigh, a deirim riot, éirigh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus tháinig sé agus chuir sé a lámh ar an gcómhrainn. (Agus do stad an mhuintir a bhí ag iompar na cómhran.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, eirigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: “A fhir óig, deirim leat, éirigh!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: “A fhir óig, deirim leat, éirigh!”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:14
20 Tagairtí Cros  

Agus ag breith ar láimh ar an gcailín dó, adubhairt sé léi, Talitá cúm, is é sin, A chailín, adeirim‐se leat, Éirigh.


Agus nuair do chonnaic an Tighearna í, do ghabh truagh dhí é, agus adubhairt sé léi, Ná bí ag gol.


Agus d’éirigh an duine marbh ’n‐a shuidhe, agus do thosnuigh sé ar labhairt.


Agus do leath an tuaraisc seo amach ar fud Iúdaea ar fad, agus ar fud na dúithche má gcuaird.


Adubhairt Íosa léi, Is mise an aiséirghe agus an bheatha: cibé chreideas ionnam‐sa, má gheibh sé bás féin, mairfidh sé:


Óir fá mar thógas an t‐Athair na mairbh agus aithbheodhuigheas sé iad, ar an gcuma chéadna aithbheodhuigheann an Mac na daoine is toil leis.


Go firinneach adeirim libh, Atá an t‐am ag teact, agus atá sé ann anois féin, ’n‐a n‐éistfidh na mairbh le guth Mhic Dé; agus mairfidh siad‐san éistfeas leis.


(mar atá scríobhtha, Do‐rinneas athair d’á lán cineadh dhíot), i bhfiadhnaise an té ’n‐ar chreid sé, Dia, do‐bheir beatha do na marbhaibh, agus ghlaodhas ar na neithibh nach bhfuil ann fá mar bhéadh siad ann.


lochtuighidh iad: óir na neithe chleachtas siad os íseal, is náire é oiread agus trácht ortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí