Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:27 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Sidé an duine ar a bhfuil sgríobhtha: Féach, tá m’aingeal agam d’á chur rómhat amach agus ollmhóchaidh sé do shlígh rómhat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Mar is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi, ‘Siúd mé ag cur mo theachtaire ar do bhéala, an té a réiteos do shlí romhat.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Is é seo an té a bhfuil sé scríobhtha fá dtaoibh de: Féach, tá mé ag cur m’aingil rómhat amach chun do shlighe a réidhteach rómhat.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Is é sin an té go bhfuil scríobhtha ’n‐a thaobh, Féach, cuirim mo theachtaire ar d’aghaidh amach, Agus réidhteochaidh sé do shlighe rómhat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Ag so an te, ar a bhfuil sgríobhtha, Féuch, cuirim mo theachdaire romhad, oillmhéochus do shlighe romhad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:27
10 Tagairtí Cros  

Óir is air seo atá sgríobhtha: Féach, táim-se ag cur m’aingil rómhat amach chun na slíghe d’ollamhú rómhat.


Mar atá sgríobhtha i n-Isáias fáidh: Féach, táim ag cur mo theachtaire rómhat chun na slighe d’ollamhú rómhat.


Agus tusa, a leinbh, tabharfar ort fáidh an Árd-Dhia, óir gluaiseóchair roimis an dTighearna amach ag ollamhú na slighe dhó,


Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a chuadhabhair amach? Fáidh an eadh? Iseadh, a deirim libh, agus duine is mó ’ná fáidh.


Deirim libh é: Ar ar rugadh ó mhnáibh de dhaoinibh ní’l fáidh is mó ’na Eóin Baiste; agus an t-é is lúgha i rígheacht Dé is mó é ’ná eisean.


Cad deirir ad’ thaobh féin? Dubhairt sé: Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí