Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus bhí Íosa ag dul leó, agus nuair a bhíodar tagaithe i n-achmaireacht do’n tigh do chuir an taoiseach céad cáirde leis ag triall air chun a rádh: A Thighearna, ná cuir thu féin chun trioblóide, mar ní fiú mise go dtiocfá fá m’dhíon isteach:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus chuaigh Íosa leo. Ach nuair a bhí sé tamall ón teach, chuir an ceantúir cuid dá chairdesean chuige, a dúirt leis, “A Thiarna, ná cuirigí an saothar seo oraibh féin, mar ní fiú mé go dtiocfadh sibh faoi mo dhíon;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus chuaidh Íosa leo. Agus nuair a bhí sé cheana féin i ngaobhar do’n tigh, chuir an ceanntúir cáirde chuige, a rádh: A Thighearna, ná bí do bhodhradh féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteach faoi mo dhíon;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do‐chuaidh Íosa i n‐éinfheacht leo. Agus nuair nach raibh sé i bhfad ó’n tigh, do chuir an ceanntúir cáirde leis chuige, g‐á rádh leis, A Thighearna, ná cuir aon trioblóid ort féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteach fám’ dhíon:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do chuaidh Iósa léo. Agus an tan do bhí sé a ngar don tigh, do chuir an caiptín a cháirde chuige, ag rádh ris, A Thighearna, Ná cuir búaidhreadh ort féin: óir ní fíu misi go rachfá a sdeach fá chléith mo thighe:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Agus dʼimigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céid cairde chuige dá rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Agus d'imigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céad cairde chuige á rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí:

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:6
15 Tagairtí Cros  

Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh’fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar cheannach ar a lán.


Táim-se ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.


Agus d’imthigh sé ‘n-a theannta, agus chuaidh mórán daoine i n-aonfheacht leis, agus bhíodar ag brúth air.


Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.


Agus nuair a thánadar-san ag triall ar Íosa d’iarradar go cruaidh air dul, agus dubhradar; Is fiú é go ndéanfá an nídh sin dó,


Óir tá grádh aige d’ár gcine, agus do chuir sé féin suas sinagóg dúinn.


Is uime sin nár thuigeas gur bh’fhiú mé mé féin do dhul ag triall ort; ach abair i bhfocal é agus beidh mo sheirbhiseach slán.


Agus é ag rádh na cainte sin tháinig duine chun uachtarain na sinagóige agus dubhairt sé leis: Tá t’inghean thar éis bháis, ná bí ’ghá chur chun trioblóide.


Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí