Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:44 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus d’iompuigh sé chun na mná, agus dubairt sé le Símón: An bhfeiceann tú an bhean san? Thánag isteach ad’ thigh-se, níor thugais-se dhom uisge dom’ chosaibh; ach do nigh sí seo mo chosa le n-a deóraibh, agus do thriomuigh sí iad le n-a gruaig.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 Thiontaigh sé ansin chuig an mbean agus ar seisean le Síomón, “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mise chun tí agat, agus níor thug tú aon uisce dom le haghaidh mo chos, ach nigh sise mo chosa lena deora agus chuimil iad le gruaig a cinn á dtriomú.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Agus ag tionntódh chun na mná dó, dubhairt sé le Síomon: An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinic mise isteach i do thigh, agus ní thug tú uisce damh fá choinne mo chos; acht nigh sise mo chosa le n-a deora agus thriomuigh sí iad le n-a cuid gruaige.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Agus ag casadh chum na mná dhó, adubhairt sé le Síomón, An bhfeiceann tú an bhean so? Tháinig mise isteach id’ thigh‐se, ní thug tú uisce dom’ chosaibh dhom: acht d’fhluich sise mo chosa le n‐a cuid deor, agus do thiormuigh sí le n‐a gruaig iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Agus ar bhfilleadh dhó chum na mná, a dubhairt sé ré Síomón, An bhfaicean tú an bhean so? tháinic misi a sdeach dod thighsi agus ní thug tú uisgi chum mo chos díonladh: achd do nigh an bhean so mo chosa le na déuruibh, agus dé thiormuigh sí íad le grúaig a cinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach dʼfhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

44 Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach do fhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:44
11 Tagairtí Cros  

Agus sheasaimh sí lastiar i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig, agus bhi sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola dhíobh.


Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: Measaim gur b’é an t-é is mó n-ar mhaith sé dhó. Agus dubhairt sé leis: Tá do bhreith ceart.


Ansan chuir sé uisge i mbáisín agus chrom sé ar chosaibh a dheisgiobul do nighe agus ar iad do thriomú leis an línéadach a bhí fan choím air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí