Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus bhí taoiseach céad n-a raibh seirbhíseach leis breóite, agus ba mhór aige an seirbhíseach, agus bhí sé ag dul chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus bhí ceantúir ansin a raibh mogha aige ba dhílis lena chroí, agus bhí an mogha breoite agus i mbéala báis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus bhí seirbhíseach tinn i riocht an bháis ag ceanntúir áirithe, agus cion mór aige air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do bhí seirbhíseach ceanntúra áirithe, fear do b’ionmhain le n‐a mháighistir, do bhí sé breoite agus i riochtaibh báis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do bhí óglach caiptin áirighe, go bréoite, a riochd bháis, air a raibh cion mór aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Bhí taoiseach céid a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus bʼionúin leis é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Bhí taoiseach céad a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus b'ionúin leis é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:2
24 Tagairtí Cros  

An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.


Agus nuair a chonaic an taoiseach céad cad a thárla thug sé glóire do Dhia, agus dubhairt sé: Fíoraon ab eadh an duine seo gan amhras.


Agus nuair a bhí iomláine a chainte go léir labhartha aige isteach i gcluasaibh na ndaoine, thainig sé isteach go Capharnaum.


Agus d’airigh sé i dtaobh Íosa, agus chuir sé ag triall air seanóirí Iúdacha ’ghá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas.


Mar go raibh aon inghean amháin aige agus í tímpal dhá bhliain déag, agus go raibh sí ag dul chun báis. Agus, ag dul ann dó, do tharla go raibh an tsluagh ag brúth air.


Ach bhí i gCaesaréa fear n-ar bh’ainim dó Cornélius, taoiseach céad ar an mbuidhin airm ar a dtugtar an Eadáileach,


Agus nuair a d’imthigh an t-aingeal, a bhí ag cainnt leis, do ghlaoidh sé chuige beirt d’á theaghlach féin agus fear airm n-a raibh eagla an Tighearna air, daoine a bhí úmhal dó.


Nuair a dh’airigh an taoiseach céad an focal san chuaidh sé ag triall ar an dtribiún agus d’innis sé dhó e agus dubhairt ré: Cad é seo a mheasann tú a déanamh? Fear Rómánach iseadh an duine sin.


Ghlaoidh Pól chuighe duine de sna taoiseachaibh céad agus dubhairt sé leis: Beir an buachaill seo ag triall ar an dtribiún; tá nídh aige le h-innsint dó.


Ansan, do socaruigheadh ar dhul ar uisge go dtí an Eadáil agus ar Phól agus na príosúnaigh eile thabhairt ar láim do thaoiseach céad dár bh’ainim Iúlius, de bhuídhin Augustuis,


Thánamair an lá ’n-a dhiaidh san go Sídón. Agus bhí Iúlius ceannsa le Pól agus do leog sé dhó dul chun a cháirde agus aire thabhairt dó féin.


Ach ní leogfadh an taoiseach céad dóibh é, mar theastuigh uaidh Pól do bhreith saor, agus d’órduigh sé do’n mhuinntir go raibh snámh acu iad féin do chaitheamh amach ar dtúis agus iad féin a shábháil agus dul i dtír.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí