Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 7:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do bhí óglach caiptin áirighe, go bréoite, a riochd bháis, air a raibh cion mór aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus bhí ceantúir ansin a raibh mogha aige ba dhílis lena chroí, agus bhí an mogha breoite agus i mbéala báis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus bhí seirbhíseach tinn i riocht an bháis ag ceanntúir áirithe, agus cion mór aige air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do bhí seirbhíseach ceanntúra áirithe, fear do b’ionmhain le n‐a mháighistir, do bhí sé breoite agus i riochtaibh báis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus bhí taoiseach céad n-a raibh seirbhíseach leis breóite, agus ba mhór aige an seirbhíseach, agus bhí sé ag dul chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Bhí taoiseach céid a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus bʼionúin leis é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:2
24 Tagairtí Cros  

Agus a dúbhairt sé, Go madh beannuighe an TIGHEARNA Día mo mhaighistir Abraham, nach ar dhearmuid mo mhaighistir ann a thrócaire, agus ann a fhírinne: ar mbeith dhamhsa ar slighe, do threóruigh an TIGHEARNA mé go tigh dhearbhráithreach mo mhaighistir.


Ach fuáir Debora banaltra Rebecah bás, agus do hadhlaiceadh í táobh shíos do Bhétel faói dharuigh: agus do goireadh Allonbachut dainm dhe.


Má shiubhail mé lé díomhaóineas, nó má dheifrigh mo chos chum ceilge;


An té do bheir a sheirbhiseach súas go muirneach ó bheith na leanamh biáidh se na mhac aige fa dheóigh.


Achd ar bhfaicsin an chreatha talmhon, agus na neitheadh do éirigh ann, don chaptín agus dá raibh na fhochaír, ag coimhéad Iósa, do ghabh eagla mhór íad, ag rádh, Go fírinneach dob é so mac Dé.


Agus an tráth do chunnaire an caiptíu an ni do rinneadh, tug sé glóir do Dhía, ag rádh, Go firinneach budh firéan an duinesi.


Agus an tráth do chríochnuigh sé a bhríathra uile a néisdeachd an phobail, do chúaidh sé a sdeach go Capernáum.


Agus an tan do chúaluidh sé tuarasgbháil Iósa, do chuir sé sinnsir na Níuduighe chuge, ag íarruidh air teachd agus a shearbhfhoghantuidhe shlánughadh


Do bhrígh go raibh éinghein inghine aige, timcheall a dá bhliadhan dég, agus í fagháil bhais. Achd ar mbeith ag imtheachd dhó do bhí an sluagh dha bhrughadh.


Agus do bhí duine áirighe a Séasárea, dar bhainm Cornélius, caiptín an bhanna dhá ngóirthear an banna Eadáilleach,


Agus ar nimtheachd don aingeal do leabhair le Cornéliuis, do ghoir sé chuige dís dá mhuinntir, agus saighdiúír díagha don druing do bhí na fhochair;


Agus ar na chlós so don chaiptín, do chuáidh sé a gceann a núachdaráin, agus dfoillsigh sé sin dó, ag rádh, Tabhair dod aire créd atá tú dhéunamh: óir is Rómhánach an fearso.


Ann sin ar ngairm áoin do na caiptínibh chuige do Phól, a dubhairt sé, Beir an tógánachsa leachd chum an úachdaráin: óir atá ní aige ré a innisin dó.


Agus ar ttabhairt breatha dhóibh go seolfamaóis gus an Neadáill, tugadar Pol agus bráighde áirighe eile, do chaiptin bhanna Agustus, dár bhainm Iúlius.


Agus an lá na dhiáigh sin tangamar go Sídon. Agus ar mbeith go muinntearrdha ré Pól do Iúlius, dfulaing sé dhó dhul dfios a charad chum comhfurtachda dfaghail úathadh.


Achd ar mbeith don chaiptín, fonnmhar ar Phól do shabháil, do thoirmisg sé iad ón gcomhairlesi; agus do aithin sé don luchd do fhéud snámh íad féin do théilgean amach ar tús, agus dul a dtir:


A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal sna huile neithibh don druing is maighisdridhe oruibh do réir na feóla; ní a seirbhís súl, mar luchd do ní toil na ndaóine; achd maille re neamhurchóid chroidhe, ar mbeith eaglach dhíbh roimhe Dhía:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí