Hóisé 6 - An Bíobla Naofa 1981Aithrí Toirní 1 “Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha. 2 Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá, ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís, ionas go mairfimid os a chomhair. 3 Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.” 4 Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim? Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá? Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine, ná an drúcht a imíonn as radharc go luath. 5 Dá dheasca sin bím á scláradh trí bhíthin na bhfáithe agus á marú le briathra mo bhéil. Sa tslí seo foilsítear ceart mo bhréithe mar splanc solais. 6 Óir, is mó is mian liom buanghrá ná íobairtí; agus aithne a bheith agaibh ar Dhia, is fearr liom é sin ná ofrálacha lándóite. Mídhílse Iosrael 7 Briseann siadsan an conradh ag Adám; san áit sin feallann siad orm. 8 Cathair lucht míghníomha is ea Gileád, agus tá rian na fola uirthi. 9 Amhail ropairí a dhéanann luíochán, bíonn slua sagart ag déanamh áir ar an mbóthar go Seicim; gan bhréag ar bith, is ainspianta a ngníomhartha! 10 I dteach Iosrael feicim rud uafásach; mar is ansin a dhéanann Eafráim striapachas, agus a thruaillítear Iosrael. 11 (Beidh fómhar le baint agatsa freisin, a Iúdá, nuair a chuirfidh mé an rath ar mo phobal arís.) |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart