Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 6:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá, ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís, ionas go mairfimid os a chomhair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 A ccionn dá lá aithbheógha sé sinn: annsa treas lá tóigfe sé súas sinn, agus mairfhiom iona radharc.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 6:2
14 Tagairtí Cros  

“Ó, mhuise,” arsa Abrahám le Dia, “go maire Ísmeáél féin i d'fhianaise.”


“Cas ar do sháil agus abair le Hiziciá, prionsa mo phobail: ‘Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Chuala mé do ghuí agus chonaic mé do dheora. Déanfaidh mé thú a leigheas; faoi cheann trí lá rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna.


Cuir fad le saol an rí; go maire sé choíche!


Leag tú orm iomad de thrombhuarthaí ach tabharfaidh tú mo bheatha ar ais dom. Tógfaidh tú as broinn na talún mé;


tráth maraithe, tráth leighis, tráth leagtha, tráth tógála,


Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.


Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n‑uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.


Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.


Ní mheabhraíonn siad dóibh féin go gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile; ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú; ar m'aghaidh féin amach atá siad.


Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.


Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn.


gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí