Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 6:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 “Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Deanam, agus filleam chum an TIGHEARNA: óir isé do bhris, agus leighiosuidh sé sinn; isé do bhuáil, agus ceingeola sé súas sinn.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 6:1
36 Tagairtí Cros  

D'imigh teachtairí ó Iarúsailéim le litreacha ó lámha an rí agus a fheidhmeannach ó cheann ceann Iosrael agus Iúdá. Bhí orduithe acu ón rí á rá: “A chlann Iosrael, filligí ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Íosác, agus Iosrael, d'fhonn go gcasfadh sé arís ar an iarmhar díbh a d'éalaigh ó láimh ríthe na hAsaíre.


Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa; Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidh Agus tá mo naimhde ag stánadh orm.


Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos, Díbir an urchóid ó do bhoth,


D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?” Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,


Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht; Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú.


Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne: “Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”


A Thiarna, ná lochtaigh mé i d'fhearg agus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam.


Leag tú orm iomad de thrombhuarthaí ach tabharfaidh tú mo bheatha ar ais dom. Tógfaidh tú as broinn na talún mé;


tráth maraithe, tráth leighis, tráth leagtha, tráth tógála,


Sa lá sin breathnóidh an duine ar a Chruthaitheoir agus casfaidh a shúile i dtreo Neach Naofa Iosrael.


is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.” Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.


Measfaidh tú ansin gur neamhghlan do phlátáil airgid do chuid íol agus do chlúdach óir do chuid dealbh. Caithfidh tú uait iad mar bheadh rud truaillithe ann; “Gread leat!” a déarfaidh tú leo.


Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n‑uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.


Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.


“Filligí, a mhaca mídhílse, leigheasfaidh mise bhur mídhílseacht.” “Táimid anseo, is ortsa atá ár dtriall, óir is tú an Tiarna ár nDia.


Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Tá do chneá doleigheasta, tá do lot gan cneasú.


Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat, agus leigeasfaidh mé do chréachtaí - an Tiarna a labhraíonn. Óir ghairidís ‘An Díbeartach'díot, ‘Éadáil linn ar cuma le haon duine í!’


rachaidh siad ag troid leis na Caildéigh, ach is ag líonadh na cathrach a bheidh siad le corpáin na ndaoine a leagfaidh mise ar lár i mo fheirg agus i m'fhraoch, [an dream] ar fholaigh mé m'aghaidh orthu mar gheall ar a n‑olcas.


Ach féach, brostóidh mise chucu biseach agus leigheas; leigheasfaidh mé iad agus cuirfidh mé in aithne dóibh iomláine na síochána agus na sábháilteachta.


Sna laethanta sin agus san am sin fillfidh clann Iosrael; tiocfaidh siad agus iad ag gol ag lorg an Tiarna a nDia féin.


Iarrfaidh siad an tslí go Síón; beidh a n‑aighthe sa treo sin: ‘Tagaigí,’ ar siad, ‘ceanglaímis sinn féin don Tiarna i gconradh síothbhuan nach ligfear i ndearmad go brách!’


Chuir sé amú mé agus rinne sé ciorrú orm agus d'fhág sé treascartha tréigthe mé.


Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna. Búirfidh seisean mar leon, agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar agus a gcroí ag preabadh.


(Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!)


Scriosfar an tSamáir, mar bhí sí easumhal dá Dia. Bás le faobhar a imreofar orthu; déanfar smidiríní dá leanaí, agus réabfar a mná torracha.


Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).


Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).


Ach má thagann an sagart agus an teach a iniúchadh agus a fheiceáil nár leath an galar sa teach tar éis a phlástrála, ansin fógraíodh an sagart an teach a bheith glan, óir tá an galar leigheasta.


Cruinnígí le chéile, is ea, cruinnígí le chéile, a chine gan náire,


Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).


Tugann an Tiarna beatha agus bás. Seolann sé daoine síos go Seol agus iompraíonn daoine aníos;


Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí