Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Hóisé 6:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 (Beidh fómhar le baint agatsa freisin, a Iúdá, nuair a chuirfidh mé an rath ar mo phobal arís.)

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Mar an ccéadna, a Iúdah, do shuighidh sé foghmhar dhuitsi, a nuáir do iompoigh misi daóirsine mo phobail.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 6:11
9 Tagairtí Cros  

Thug an Tiarna a mhaoin go léir ar ais do Iób, mar gur ghuigh sé ar son a chairde: agus thairis sin, thug an Tiarna dhá oiread a raibh aige cheana do Iób.


Amhrán Oilithreach. 1 Nuair a sheol an Tiarna príosúnaigh Shíón ar ais, ba chosúil le lucht aislinge sinn.


Do stiúrthóir an chóir. Salm le clann Chorach.


Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.


Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cosúil iníon na Bablóine le hurlár buailte nuair a bhítear ag pasáil air; tamall beag, agus [luífidh an gráinne] a baineadh ansin.”


Ach ní eol dóibh smaointe an Tiarna agus ní mó ná sin a thuigeann siad a rún; mar tá sé tar éis iad a bhailiú le chéile mar phunanna ar urlár buailte.


Agus beidh cósta na farraige ag fuílleach theaghlach Iúdá; san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach; rachaidh siad chun suain um thráthnóna i dtithe Aiscileon, Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh agus rathóidh sé iad arís.


Agus tháinig aingeal eile amach ón teampall, ag glaoch in ard a ghutha ar an té a bhí ina shuí ar an néal, á rá: “Sáigh isteach do chorrán agus bain; óir tá aimsir an fhómhair tagtha agus tá fómhar an domhain seanabaí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí