Salm 6 - An Bíobla Naofa 1981Urnaí in Am na Buartha 1 Do stiúrthóir an chóir. Le gléasanna téad. Ar chláirseach na n‑ocht dtéad. [Salm le] Dáiví. 2 A Thiarna, ná lochtaigh mé i d'fhearg agus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam. 3 Déan trócaire orm, a Thiarna, óir is lagbhríoch mé; slánaigh mé, óir tá mo chorp á chiapadh, 4 agus tá m'anam á chéasadh go géar, ach tusa, a Thiarna, cá fhad...? 5 Fill, a Thiarna, fuascail m'anam agus saor mé as ucht do bhuanghrá. 6 Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh; cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh? 7 Tá tuirse orm de dheasca m'osnaíola, ním mo leaba le mo dheora gach oíche; fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn. 8 Tá mo shúil á snoí le dobrón: chuaigh sí in aois de dheasca mo naimhde go léir. 9 Imígí uaim a lucht déanta na hurchóide, óir tá éiste ag an Tiarna le glór mo ghoil. 10 Thug an Tiarna aird ar m'achainí; tá glactha ag an Tiarna le mo ghuí. 11 Beidh náire is mórbhuaireamh ar mo naimhde uile. Cuirfear ar gcúl go tobann faoi náire iad. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart