Is bealach iontach é an ceol chun áthas a chur in iúl. Ón tús ama, bhí ceol mar chuid den chreideamh agus den adhradh. Tríd an amhránaíocht, is féidir linn buíochas a ghabháil le Dia.
Deir Salm 50:14, "Íobairt moladh do Dhia, agus comhlíon do ghealltanais don Ard-Rí." Is breá le Dia moladh ó chroí, moladh gan choinníoll. Ba chóir dúinn moladh a thabhairt do Dhia i gcónaí.
Tá Dia iontach againn, agus ba chóir go mbeadh ár gceiliúradh iontach freisin. Is é an tUilechumhachtach é, agus is fiú glóir agus onóir a thabhairt dó. Nuair a cheiliúrann tú Dia na bhFlaitheas agus na talún, taispeánann tú do thuiscint faoi. Léiríonn sé go bhfuil Íosa ard, buacach, agus Rí na Ríthe. Níl a leithéid ar talamh, agus ní bheidh go deo.
Is rud maith é ceiliúradh a dhéanamh. D'athraigh sé do bhrón go lúcháir. Thug sé leat an caoineadh. Níl aon cháineadh ann níos mó. Déan féasta fiú san fhásach, mar is tréimhse shealadach í, agus ní fhágfaidh do Dhia thú choíche. Ceiliúir! Déan gártha lúcháire! Bíodh áthas ort san Tiarna agus i neart a chumhachta. Can amhrán nua. Cuir ort éadaí áthais, mar thug sé leis an bpian. Molaigh go saor é. Réabadh an veil, agus níl aon rud ann a choisceann tú ó mholadh. Tá do Shlánaitheoir beo. Cosnaíonn sé do chúis agus coimeádfaidh sé tú ó gach contúirt.
Cuir ort do chuid éadaí is fearr. Glaoigh ar do chomharsana, do mhuintir, do chairde, do dheartháireacha agus do dheirfiúracha i gCríost, agus ceiliúir méadaíocht an Tiarna. Is fiú é, agus maireann sé go deo. Glóir dá ainm.
¶ Agus ar an ccuígeadh lá deug don tseachdmhadh mhí biaidh aguibh comhghairm náomhtha; ní dhéantáoi obair shaothrach ar bith, agus cuimhdeóchtháoi féasta don TIGHEARNA seachd la:
Buailidh bhur mbasa, sibhsi uile a phobal; déanuidh gáirdeachus chum Dé re guth caithréime.
Agus cuimhdeocha tú féasta na seachdmhuineadh, na gcéadthoradh foghmhuir na cruithneachta, agus féásta an tárrloígh a ndeireadh na bliadhna.
Déan fuáim lúathgháireach chum an TIGHEARNA, a thaluimh uile: deán fuáim thaighiúir, déan gáirdeachus, agus cán salm. Canuigh chum an TIGHEARNA ris an ccláirsigh; ris an gcláirsigh, agus re guth salm.
Diompóigh tú mó dhóbhrón a damhsa dhamh: do chuiris díom mo shaicéadach, agus do choimhcheangluis mé lé lúathgháir; Ionnus go ccanfadh mo ghlóir moladh dhuitsi, agus gan bheith am thochd. O а THIGHEARNA mo Dhía, do bhéarad buidheachus riot go bráth.
Acht bídís na fíréin lúathgháireach; déindís gáirdeachus ós coinne Dé: agus, bídís meanmnach lé lúathgháire.
Agus biáidh an lása aguibhsi mar chuimhne: agus cuimhdeochtháoi é mar fhéusda don TIGHEARNA ar feadh bhur sáoghuil; cuimhdeochtháoi é mar fheúsda maille ré hórdughadh síorruidhe.
Atá guth an gháirdeachus agus an tslánaighthe a ttighthibh na bhfíréun: do ní lámh dheas an TIGHEARNA gaisge.
Biáidh caintic, amhuil annsa noidhche a núair náomhthar an tsollamoin; agus gáirdeachus croidhe, amhail mar théid duine le píob do dhul ar shlíabh an TIGHEARNA, go Háon cumhachdach Israel.
Beannuighidhsi a phoibleacha, ar Ndíane, agus tugaidh fa deara guth a mholta do chluinsion:
Is mór an TIGHEARNA, agus is ionmholta go hanmhór a ccathruigh ar Ndé, slíabh a naomhthachda.
Moluidhsi an TIGHEARNA: óir is maith sailm do chanadh dár Ndía; óir is dathamhuil; agus is aóibhinn a mholadh.
¶ Canaidh don TIGHEARNA caintic núadh, agus a mholadh ó imiol na talmhan, sibhsi do théid síos chum na fairge; agus a nuile ní dá bhfuil innte; na hoiléin, agus a náitreabhthacha.
Deanaidh fuaim lúathgháireach chum an TIGHEARNA, a thalamh uile. Déanuidh seirbhís don TIGHEARNA re lúathgháire: tigidh ós coinne a aighthe re gáirdeachus.
Moluidh an TIGHEARNA. Moluidh Día iona náomhthacht: moluidh é a spéiribh a chumhacht. Moluidh é iona mhóirghníomhuibh; moluidh é a niomad a mhórdhachda. Moluidh é ré guth an trumpa: moluidh é leis an tsaltair agus leis an gcláirsigh. Moluidh é leis an dtábuir mbig agus leis an bpíob: moluidh é lé adhbhuidhibh téud agus leis a norgán. Moluidh é le gothaibh árda na bhfeadán: moluidh é leis an bhfeadán gcaolghothach. Moladh a nuile anál an TIGHEARNA. Moluidhsi an TIGHEARNA.
Molaidís ainm an TIGHEARNA; óir atá a ainm amháin ar na árdughadh go hoirdheirc; atá a ghlóir ós cionn na talmhan agus na neamh. Agus dárduigh sé adharc a dhaóine, moladh a náomh uile; chlanna Israel, na daoine atá a bhfogus dó. Moluidh an TIGHEARNA.
A TIGHEARNA, is tú mo Dhía; áirdeochuidh mé thú, molfa mé hainm; óir do rinne tú neithe iongantacha; síad do chomhairligh ón tseanaimsir ionnracus agus fírinne.
Agus do chuir sé caintic núadh ann mo bhéul, moladh dar Ndía: do chífid mórán é, agus biáidh eagla orra, agus cuirfid a ndóigh annsa TIGHEARNA.
Goirfidh mé ar an TTIGHEARNA, noch is fíu a mholadh: marsin sáorfuighear ar mo námhaid mé.
Laibheoruidh mo bhéul moladh an TIGHEARNA: agus beannuigheadh a nuile fheóil ainm a naomhthachda choidhche agus go bráth.
Moluidh an TIGHEARNA. Moluidh ainm an TIGHEARNA; moluidh é, a sheirbhíseacha an TIGHEARNA. Noch do bhuáil iomad cineadhach, agus do mharbh ríghthe móra; Sihon rígh na Namoríteach, agus Og rígh Básan, agus uile rioghachta Chánaain: Agus thug sé a bhfearann mar oighreacht, na oighreachd Disrael a phobal féin. A THIGHEARNA, atá hainm, go síorruighe; a THIGHEARNA, atá do chuímhne, ó ghinealach go ginealach. Oír béaraidh an TIGHEARNA breitheamhnus air a dhaóinibh, agus biáidh aithreachus air a ttáobh a sheirbhíseach. Is airgiod agus ór íomhaighe na ngeinteadh, obair lámh dáoine. Atá béul aca, agus ní labhraid; atáid súile aca, agus ní fhaicid síad; Atáid cluása aca, agus ní chluinid; agus ní bhfuil fós anál iona mbéul. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad: gach a ccuirionn a ndóigh ionnta. A thigh Israel, beannuigh an TIGHEARNA: a thigh Aaron, beannuigh an TIGHEARNA: Noch sheasas a ttigh an TIGHEARNA, a gcúirtibh thighe ar Ndé, A thigh Lébhi, beannuigh an TIGHEARNA: sibhsi air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, beannuighe an TIGHEARNA. Go madh beannuigh an TIGHEARNA as Síon, noch chomhnuigheas ann Ierusalem. Moluidh an TIGHEARNA. Moluidh an TIGHEARNA; óir is maith an TIGHEARNA: canaidh sailm dhá ainm; óir atá sé aóibhinn.
Tugaidh buidheachus don TIGHEARNA, goiridh ar a ainm, foillsighidh a ghníomhartha a measg an phobuil.
Molfad an TIGHEARNA do réir a fhíréantachda: agus cánfad moladh dainm an TIGHEARNA is ro áirde.
Oir is mór án TIGHEARNA, agus is mór é ré a mholadh: is roimhe fós is coír eagla bheith ós cionn a nuile dhée.
Tagaidh, déanam lúathgáire chum an TIGHEARNA: déanam fuáim gháirdeach do charraic ar slánuighthe. Do bhí mé dhá fhithchiod blíadhan air mo bhuáidhreadh ris an nginealachso, agus a dubhras, Is pobal seachránach a gcroidhe íad, agus níor bhaithne dhóibh mó shlightheacha: Dar mhionnuighios ann mfeirg, nach rachaidís a steach dom shuaimhneas. Tagam do lathair a aighthe ré tabhairt buidheachuis, agus déanam fuáim lúathgháireach chuige ré Salmuibh. Oír is Día mór an TIGHEARNA, agus Rígh mór ós cionn na nuile dhée.
Ar a nadhbharsin molfa mé thú, a THIGHEARNA, a measc na ngeinteadh, agus canfad moladh dot ainm.
Luathghairigh chum Dé ar neart: déanaidh fuáim mheanmnach chum Dé Iácob. Is misi an TIGHEARNA do Dhía thug súas thú as crích na Hégipte: fosgail do bhéul go fairsing, agus líonfa misi é. Acht níor éisdeadar mo dhaóine rem ghuth; agus níor umhluigh Israel damh. Agus do léigios dóibh imtheachd a míangus a ccroidhe: do shiobhladar iona ccomhairle féin. O dá néistfedís mo dháoine riomsa, dá siubhladh Israel ann mo shlighthibh! Do bhéuruinn a naimhde a núas go haithghéarr agus dfillfinn mo lámh air a neasccáirdibh. Duimhleochaidís lucht fúatha an TIGHEARNA íad féin go fathach dhó; acht do bhíadh a naimsirsion go siorrúidhe. Agus do bheathochadh sé íad le méuthus cruithneachda: agus lé mil amach as an ccarruic do sháiseochuinn thú. Glacaidh psalm, agus tugaidh an tiompán libh, an tsiterne thaighiúir maille ris an ccláirsigh. Séidigh an stoc annsa ngealuidh núadh, annsa núair chinte, ló ar bhféile.
Ann sinn a dubhairt sé ríu, Imthighidh romhuibh, ithidh an méathus, agus ibhidh an mhillsi, agus cuirigh roinn chum na druinge dá nar hullmhuigheadh éinní: óir atá an láso náomhtha dar TTIGHEARNA: narab mó bhías doilghios oruibh; óir isé gáirdeachus an TIGHEARNA bhur neart.
Tagam do lathair a aighthe ré tabhairt buidheachuis, agus déanam fuáim lúathgháireach chuige ré Salmuibh.
Agus annsa ló so a déarthaoi, Móluidh an TIGHEARNA, goiridh ar a ainm, foillsighidh a ghníomhartha a measg an phobail, déanaidh cuimhne gur hárduigheadh a ainm. Canaidh don TIGHEARNA; óir do rinne sé neithe oirdhearca: atá a fhios so ar feadh an domhuin. Eígh súas agus gáir, thusa a áitreabhach Síon: óir is mór Aon Náomhtha Israel ad mheadhón.
Canadh an domhan uile, chum an TIGHEARNA; foillsigh amach ó ló go ló a shlánughadh. Foillsigh a ghlóir a measg na ngeinteadh; a oibreacha iongantacha a measg na nuile chineadhach. Oir is mór án TIGHEARNA, agus is mór é ré a mholadh: is roimhe fós is coír eagla bheith ós cionn a nuile dhée. Oir is iodhuil uile deé an phobail: achd is é an TIGHEARNA do rinne na fiaithis. Atá glóir agus onóir dá lathair; atá neart agus sólás iona ionad. Tugaidh don TIGHEARNA, a chomhgháolta an phobail, tugaidh don TIGHEARNA glóir agus neart. Tugaidh don TIGHEARNA an ghlóir is ceart dá ainm: tugaidh ofráil libh, agus tigidh iona fhiaghnuise: adhruigh an TIGHEARNA a sgéimh náomhthachda. Agus do roinn sé air gach éanduine Disrael, idir fhear agus mhnáoi, do gach áon aca bairghin araín, agus spodhla maith feóla, agus flaigín fíona. Bíodh eagla, áir an ndomhan uile dá lathair: biáidh an talamh fós seasmhach, ionnus nach ccorruighthear é. Bíodh gáirdeachus air na neamhuibh, agus déanadh an talamh lúathghaír: agus abradh dáoine eidir na cineadhachaibh, Atá an TIGHEARNA a ríghe.
¶ Agus ag coisreagadh bhalladha Ierusalem díarradar na Lebhítigh as a náitibh uile, dá ttabhairt go Hierusalem, do choimhéud fhéasta an choisreagtha re luathgháir, maille re breith bhuidhe, agus le céol, le cimbaluibh, le saltrachaibh, agus le cláirseachuibh.
Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh.
Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.
Moluidh an TIGHEARNA. Canuidh don TIGHEARNA caintic núadh, bíodh a mholadh a gciomhthionól na náomh. Déanadh Israel lúathgháire iona crúthaightheóir: déindís clann Shíon sólás ann a Rígh. Molaidís ainm air bpíob: air an tábur mbig agus air an gcláirsigh canaidis salm dhósan.
¶ Urghaírdigh go mór, a inghean Shion: gáir, a inghean Ierusalem: féuch, atá do Rígh ag teacht a tfhochair: atá sé ceart, agus slánughadh aige; go huirisiol, ag marcuigheachd air assal, agus air bhromach searrach assail.
Agus an tan do dhruid sé a bhogus, ré casaigh shléibhe na Noluidheadh, do thionnsgain an chuideacha dheisciobal uile go lúathgháireach Dia do mholadh do ghuth mhór ar son gach uile subhailcighe dá bhfacadur; Ag rádh, Is beannaighe an Rí thig a nainm an Tighearna: sióthcháin ar neamh, agus glóir an sna bárduibh. Agus a dubhradar Phairisinigh áirighe do tslúagh ris, A Maighisdir, tabhuir achmhusán dod dhéiscioblaibh. Agus ag rith roimhe dhó, do chuáidh sé súas a gcrann sicamor ionnus go bhfaicfeadh sé é: óir do bhi fáoi an tslighsin do ghabháil. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, A deirim ribh, má thochduid so, go néighfid na clocha féin.
Molfa me thú, a THIGHEARNA, re croidhe iomlán; foillseocha mé hoibreacha iongantacha uile. Agus an mhuinntir agá bhfuil fios hanma cuirfid a ndóigh ionnad: óir thusa, a THIGHEARNA, níor thréigis an luchd íarrus thú. Cán molta don TIGHEARNA, noch chomhnuighios a Sion: foillsigh a measc an phobail a ghníomhartha. A nuáir do ní sé cúartughadh air fhuil, cuimhnighidh sé orra: ní dhearmadann sé éighiomh na númhal. Déan trócaire oram, а THIGHEARNA; meas mo bhuaidhreadh noch fhuilngim ón muinntir fhúathuighios mé, thusa noch thógbhus súas mé ó gheatadhuibh an bháis: Chor go ttaisbeanfuinn do mholadh uile a ngeatadhuibh inghine Sion: gáirdeocha mé ann do shlánughadh. Do sluigeadh síos na geinte annsa chlais noch do rinneadar: annsa líon noch do fholuigheadar do gabhadh a ccos féin. Aitheantar an TIGHEARNA ris an mbreitheamhnus noch chuireann sé a bhféidhm: gabhthar an ciontach a nobair a lámh féin. Higgaion. Selah. Cuirfighear na ciontaigh go hifrienn, agus a nuile chineadh noch dhearmadas Día. Oír ni dearmadfuighear an teasbhadhach a ccomhnuigh: ní rachuidh dóthchus na mbochd a mugha go bráth. Eírigh, ó a THIGHEARNA; na léig don duine búadhughadh: déantar breitheamhnus air na geintibh ad radharc. Biaidh mé lúathgháireach agus gáirdeochad ionadsa: canfad moladh dod ainm, ó thusa is ro áirde.
Beinneochuidh mé an TIGHEARNA gach uile uáir: biáidh a mholadh ann mó bhéul a ccomhnuigh. Bíth uireasbhuidh air na leomhnuibh óga, agus fuilingid ocrus: acht ní bhiáidh uireasbhuidh éanmhaitheasa ar an luchd íarrus an TIGHEARNA. Tigidh, a chlann, éistigh riomsa: teagaisgfead eagla an TIGHEARNA dhibh. Cía hé an duine ler mían beatha, ler bionmhúin iomad láetheadh, dfaicsin maitheasa? Coimhéad do theanga ó urchóid, agus do bhéul ó labhradh ceilge. Dealuidh ris a nolc, agus déan maith; íarr síothcháin, agus lean í. Atáid súile an TIGHEARNA chum nа bhfíréin, agus a chlúasa chum a ccomharc. Atá aghaidh an TIGHEARNA a naghaidh na druinge do ní olc, chum a ccuimhne do ghearradh ón talamh. Gáirid na fíréin, agus do chluin an TIGHEARNA, agus sáoruidh íad ó na nuile anacra. As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid. Is iomdha crádh air an bhfíréun: gidheadh sáorfuidh an TIGHEARNA úatha uile é. Annsa TTIGHEARNA do dhéana manam glóir: cluinfe an tumhal é, agus biáidh lúathgháireach. Cumhduigh sé a chnámha uile: ní bristear áon díobh. Acht muirfidh an tolc an cionntach: agus sgriosfuighear an luchd agá bhfuil fúath air an bhfíréun. Fúasgluidh an TIGHEARNA аnam а sheirbhíseach: agus ní scriosfuighthear an mhéid chuirfios a ndóigh ann. Móruidhe an TIGHEARNA leamsa, agus árduighemid a ainm a néinfheachd.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta. Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile; Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna; Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe; Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh. Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbhreas síbh: tabhruidh bhir mbeannachd dóibh, agus na malluidhe íad. Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi. Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin. Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Cuimhnighim na neithesi, agus dóirtim orum amach manam: óir dó chuáidh mé ris an ccoimhthionól, do chuáidh mé léo go tigh Dé, lé guth lúathgháire agus molta, le hiomad ag congmhail láoi féile.
Achd is cinéul toghtha sibhse, sagartachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith; ionnus go bhfoillséochadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iongantuigh féín.
Uime sin foráileam thrídsion do ghnáth íodhbairt mholta do Dhía, eadhon toradh na mbéol admhuigheas a ainm.
Deanuidh fuaim lúathgháireach do Dhía, a thíortha uile: Oír do dhearbhuidh tú sinn, a Dhé: do theastuidh tú sinn, do réir théastuighthe a nairgid. Thug tú a steach san líon sinn; do chuir tú cumhgach air ar leasrachaibh. Thug tú air dháoinibh marcuigheachd do dhéanamh air ar gceann; do chuamar thríd theine agus uisge: achd do thugaisse amach sinn go hionad shaídhbhir. Rachad a steach ann do thigh re hiodhbarthaibh loisge: coimhlíonfad duitsi mo mhóide, Noch do admhuigh mo phuisíne, agus do labhair mo bhéul, a nuáir do bhí amhgar oram. Iodhbartha loisge méithealluigh toirbheorad dhuit, ré húsga reitheadh; do dhéan na daimh réidh, agus na gabhair fhirionna. Selah. Tigidh, sibhsi ler beagal Día, agus inneosad cred do rinne sé ar son manma. Chuigesion do ghoireas rem bhéul, agus do hárdughadh é rem theangaidh. Má chím urchoid am chroidhe, ní chluinfidh an TIGHEARNA: Acht go deimhin do chúalaidh Día mé; thug sé aire do ghuth murnaigh. Canuidh re salmhuibh glóir a anma: tabhraidh glóir dhá mholadh. Go madh beannuigh Día, nar dhiúlt mo ghuidhe, agus nar fhill a thrócaire uáim. Abruidh ré Día, Cred é húathbhasuighesi ann hoibribh! tre mhéad do neirt do dhéanaid do naimhde umhla dhuit. Cláonfuidh an talamh uile íad féin duit, agus canfaid salm dhuit; canfaid salm dot ainm. Selah.
Canuigh don TIGHEARNA caintic núadh: canuigh don TIGHEARNA, a thalamh uile. Abraidhe a measg na ngeinteadh, Atá an TIGHEARNA a rioghacht: daingneochar fós an domhan go nach ccorróchar é: do dhéana sé breitheamhnus air na poibleachaibh a bhfíréuntachd. Déindís na flaitheamhnuis gáirdeachus, agus bíodh lúathgháire air an ttalamh; déanadh an mhuir búireadh, agus gach a bhfuil inte. Lingiodh an magh le lúathgháire, agus a bhfuil ann: annsin lúathgháirfid croinn na coilleadh Os coinne an TIGHEARNA: oír atá sé ag teacht, ag teacht do dhéanamh breitheamhnuis air an ttalamh: do bhéara sé breith air a tsaoghal a bhfíréuntachd, agus air na daóinibh iona fhírinne féin. Canuidh don TIGHEARNA, beannuighidh a ainm; foillsighidh a shlánughadh ó ló go ló. Innsighidh a measg na ngeinteadh a ghlóir, a ionganta a measg na nuile phoibleach.
Beannuigh ó manam, an TIGHEARNA: agus mo íonathar uile, a ainm náomhtha. Ní do réir ar ccionta do rinne sé dhúinn; agus ní do réir ar néigceirt thug sé luáidheacht dúinn. Acht mar atá áirde na neamh ós cionn na talmhan, atá a oineach chomór sin don lucht air a bhfuil a eagla. Comhfhad atá a náird shoir ó náird shíar, do chuir sé ar bpeacuidhe uáinne. Mar bhíos truáighe ag athair dá chloinn, is marsin atá truáighe ag an TTIGHEARNA don lucht air a bhfuil a eagla. Oír is aithne dhó ar bhfoirm; cuimhnigh sé gur luáithreadh sinn. Atáid láethe an duine, mar an bhféur; mar bhláth an mhagha, is marsin bhías ag bláthughadh. Oir téid an gháoth thairis, agus ní bhfuil sé ann; agus ní aitheonuidh a ionad féin é ó sin amach. Acht atá trócaire an TIGHEARNA ó shíorruidheacht go síorruidheacht air an lucht air a bhfuil a eagla, agus a fhíréuntachd do mhacaibh mac; Don lucht choimhéudas a chunnradh, don lucht chuimhnighios a aitheanta dá ndéanamh. Do shuighidh an TIGHEARNA a chathaóir ríogha ar neamh; agus atá a rioghacht ag ríaghlughadh ós cionn a nuile. Beannuigh, ó manam, an TIGHEARNA, agus ná dearmaid a thiodhlaicthe uile:
Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.
Ann sin do ghabh Maóise agus clann Israel an dánsa don TIGHEARNA agus do labhradar, ag radh, Cánad don TIGHEARNA; óir rug sé búaidh go glormhar: an teach agus an marcach do theilg sé san bhfairge. Do sheíd tú lé do ghaóith, do fholuigh a nfairge íad: Do chúadar faói amhuil luáighe ann sna huisgidhibh laidre. Cía as cosmhuil riot, a THIGHEARNA, a measc na ndée? cía as cosmhuil riot, glórmhar a naomhthachd, eaglach a meltuíbh, ag déanamh iongantadh? Do shín tú amach do lámh dheas, do shluig an talamh íad. Dó thréoruígh tusa ann do thrócaire an pobal noch do fhúascuil tú: tug tú éolus dóibh ann do neart chum háitribh náomhtha. Cluinfid an pobal, agus biáidh eagla orra: géubha dóbrón greim ar aitreóiribh Phalestína. Ann sin béid duibhcidhe Edom lán díongantus; daóine cumhachdacha Moab, géubhuidh crith greim orra; leighfid áitreóirigh Chanaain uilé. Tuitfidh uamhan agus eagla orra; lé méid do laimhe béid síad tochdach mar chloich; no go ndeachuidh do phobalsa thairis, a THIGHEARNA, no go ndeachuidh an pobal thairis, noch do cheannuigh tusa. Do bheara tú a steach íad, agus suidheocha tú íad a slíabh hoighreachda: annsa náít, a THIGHEARNA, do rinne tú dhuit feín chum comhnuighe ann, annsa tsanctóra, a THIGHEARNA, nóch do dhaingnigheadar do lámha. Biaidh an TIGHEARNA a rioghachd go sáoghal na sáoghal. Oír do chuáidh each Pharao a steach gon a charbaduibh agus gon a mharcshluagh san bhfairge, agus túg an TIGHEARNA uisgidhe na fairge a rís orra; ach do imthigh clann Israel ar talamh tirim a meadhon na fairge. Ase an TIGHEARNA mo neart agus mo dhan, agus do bhí sé na thártháil damh: is eision mo Dhía, agus do dhéana mé áit comhnuighe ullmhughadh dhó: Día mathar, agus airdeocha me é.
Canaidh don TIGHEARNA ré moladh; canaidh sailm chum ar Ndé air an gcláirsigh: Noch fholchus neamh ré néulluibh, noch ullmhuighias fearthuinn don talamh, noch do bheir air fhéur fás air na sléibhtibh. Do bheir sé do nainmhidhe a bhíadh, agus do na fíachoibh óga noch gháirios.
Cred é a gheanamhla hionad suighe, a THIGHEARNA na slógh. Oír is féarr lá ann do chúirtibhsi ná míle. Do bféarr leam bheith am dhoirseóir a ttigh Dé, ná bheith am chomhnuidhe a bpáilliún an chiontuigh. Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach. A THIGHEARNA na slógh, is beannuighe an duine chuirios a dhóigh ionnadsa. A tá manam fonnmhar, mar an ccéadna ag meirtniughadh re dúil a ccúirtibh an TIGHEARNA: gáirigh mo chroidhe ag mfeóil amach chum an Dé bhí.
Moluidh an TIGHEARNA. O manum, mol an TIGHEARNA. Biáidh an TIGHEARNA a rioghacht go síorruidhe, do Dhíase, a Shíon, ó ghinealach go ginealach. Moluidhsi an TIGHEARNA. Molfa mé an TIGHEARNA ann mo bheatha: canfad sailm dom Dhía an feadh mhairfiod.
Molfa mé thú lem uile chroidhe: ós coinne na ndée canfa mé salm dhuit. Do dhéana mé adhra chum páláis do náomhthachta, agus molfa mé hainm ar son do thrócaire agus thfírinne: óir do mhóraidh tú do bhríathar red ainm uile.
Cán molta don TIGHEARNA, noch chomhnuighios a Sion: foillsigh a measc an phobail a ghníomhartha.
Laibheora misi air dhathamhlacht glóire do mhórdhachta, agus air do ghníomhuibh iongantacha. Agus labheoruid dáoine air neart do ghníomh uathbhásach: agus foillseocha misi do mhórdhachd. Laibheoruid síad ós áird cuimhne do mhaitheasa móire, agus canfuid thfíréantachd.
Dórdúghadh don druing chaoídheas a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dóbróin, éaduigh an mholta ar son spioruidhe brúighte: go ngoirfidhe crainn na fíroantachda dhiobh, planndughadh an TIGHEARNA, chor go nglórfuidhe é.
Tárla, a nuáir do bhádar luchd séideadh na stoc agus na cantairighe amhuil áon, do dhéanamh éanghotha amháin ré a chluinsion a ttabhairt molta agus buidheachus don TIGHEARNA; agus a nuáir do thógbhadar a nguth súas leis na stocuibh agus leis na cimbaluibh agus lé hadhbhuibh cíuil, agus ar mholadar an TIGHEARNA gha radh. Oir is maith é; óir mairigh a thrócaire go bráth: annsin gur líonadh tigh an TIGHEARNA a stigh le néull, eadhon tígh an TIGHEARNA; Iondus nar fheadadar na sagairt seasamh do mhiniostralachd do bhrígh an neóill: óir do líon glóir an TIGHEARNA tigh Dé.