Salm 146 - An Bíobla Naofa 1981Is aoibhinn don Té a mbíonn a Dhóchas i nDia aige 1 Alleluia. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom. 2 Molfaidh mé an Tiarna le mo bheo; molfaidh mé mo Dhia fad a mhairfidh mé. 3 Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha, ná sa duine trí nach dtagann slánú. 4 Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré agus téann a bhearta ar ceal an uair sin. 5 Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib; a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia, 6 an té a rinne neamh agus talamh, an fharraige, agus gach a bhfuil iontu. An té a sheasann lena bhriathar de shíor; 7 agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois. Is é a thugann bia don ocrach. Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh. 8 Osclaíonn sé súile na ndall. 8b Tógann sé suas an dream atá crom. 8c Tugann an Tiarna grá don fhíréan; 9 Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch; 9b déanann sé tacaíocht don dílleachtaí is don bhaintreach. 9c ach cuireann sé slí na bpeacach trína chéile. 10 Beidh an Tiarna i réim go brách, ina Dhia agat, a Shíón, ó ghlúin go glúin. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart