Véarsaí Bíobla

Fógraí


Fo-chatagóir

VERSES OF NERGTH

A chara, ba mhaith liom a rá leat inniu go dtugann Dia an neart duit chun aghaidh a thabhairt ar gach aon dheacracht. Is minic a shíleann muid nach bhfuil muid réidh nuair a thagann fadhbanna chugainn, ach bí cinnte de go n-ullmhaíonn Dia sinn i gcónaí. Deir a bhriathar nár thug Dia spiorad na heagla dúinn, ach spiorad na cumhachta, an ghrá agus na féinrialaithe. Mar sin, bíodh misneach agat, tá Dia leat, ag troid ar do shon i ngach cath.

Bain úsáid as na huirlisí a thug Dia duit trína bhriathar agus trína Spiorad Naomh. Bí cróga agus glac céimeanna daingean, cinntitheacha. “Bígí láidir agus bíodh misneach agaibh, a lucht dóchais sa Tiarna.” (Salm 31:24) Mar sin, bíodh misneach agat, ní theipeann ar Dhia choíche.

Is é Dia do neart, do shaorálaí, do chabhraitheoir, do sciath, d’áit arda tearmainn. Cuir do mhuinín i nDia, do Athair ar Neamh, beidh gach rud go breá. “Is é Dia a thugann neart dom; déanann sé mo chosán díreach.” (2 Samúéil 22:33)


Iób 6:14

Don tí ar a mbí buáidhreadh do budh cóir da charuid a éaccaóine; acht tréigidh sé eagla a Nuile‐chumhachduigh.

1 Eoin 4:7

A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día.

Seanfhocal 16:28

Síolchuiridh an duine ceannairgeach imreasuin: agus dealuighidh an cogarnach na cáirde disle ó chéile.

Cóheilit 4:9

¶ Is féarr días nó aon duine; do bhrígh go bhfuil luáigheacht mhaith aca ar son a sáothair.

Seanfhocal 27:10

Ná tréig, do chara féin, agus cara hathar; agus ná héirigh go tigh do dhearbhráthar a ló do ríachdanuis: óir ís féarr cara a ccomhfhogus ná dearbhrathair a nimchían.

Seanfhocal 13:20

An té shiubhluighios le daóinibh críonna biáidh sé críonna: acht scriosfuighthear compánach na namadán.

Lúcás 6:31

Agus mar as toil libh dáoine do dhéunamh dhíbh, deunuidhsi mar an gcéudna dhóibhsin.

Seanfhocal 19:4

Do ní an saidhbhrios móran carad; agus scarthar an bocht re na chomharsain.

Seanfhocal 27:9

Solásuigh úniment déaghbholadh an cróidhe: is mairsin do ní millsi charad duine re comhairle ó chroidhe.

Eoin 15:14-15

Is sibhsi mo cháirdesi ma níthí gach ní dá náithnighim dhibh.

Uadh so súas ní ghoirfe mé searbhfhoghantuidhe dhíbh, óir ní bhfuil a fhios ag an tsearbhfhoghantuidh créud do ní a thighearna: achd do ghoir mé cáirde dhibh; óir na huile neithe do chúaluidh mé ó Mathair, do léig mé a bhfios chugaibhsi.

Cóheilit 4:10

Oír má thuitid síad, toigeobhuidh an fear oile a chompánach: acht a mhairg don té bhíos na áonar a nuáir thuitios sé; óir ní bhí duine oile aige do chungnamh a thógtha súas.

Salm 133:1

Feuch, caidhe an mhaith agus an taóibhneas sin dearbhráithre do comhnuidhe a náonthoil!

Seanfhocal 18:24

Caithfidh an té agá mbí cáirde é féin dfoillsiughadh go cáirdeamhuil: agus bí cara sheasas ní is foigse ná dearbhrathair.

Cóheilit 4:12

Agus má bhuáidhionn áon na agháidh, seasfuid días leis; an ní furas córda fillte trí huáire do bhriseadh.

Galataigh 6:10

Uime sin an feadh atá an tám aguinn, déunam maith do na huile dháoinibh, agus go mórmhór do luchd éintighe an chreidimh.

Seanfhocal 17:9

Gidh bé cheilios sárughadh íarruidh sé grádh; acht gidh bé athnúaighios cúis dealnigh sé cáirde.

Seanfhocal 17:17

Gradhuigh an chara gach uile uáir, agus rugadh an dearbhráthair a naghaidh buaidheartha.

1 Peadar 3:8

Fá dheóigh, bíghidh uile déininntinn, ag comhfhulang ré chéile, bíodh grádh bráthargha eadruibh, bíghidh trócaireach, sóchaidridh:

Eoin 15:13

Ní bhfuil grádh as mó ná so ag éinneach, ná a anam féin do thabhairt ar son a charad.

Galataigh 6:2

Iomchruidh úaluidhe a chéile, agus mar sin coimhlíonfuidh réachd Chríosd.

Seanfhocal 12:26

Is féarr an fíréun ná a chomharsa: acht mealluidh slighe na ndrochdhaóine léo íad.

Rómhánaigh 12:10

Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;

Iób 2:11

¶ Anois a nuáir do chúaluidh tríur carad Iób an tolcso uile tháinic air, tháinic gach aon aca ón áit féin; Eliphas an Temaníteach, agus Bildad an Suhiteach, agus Sophar an Naamatiteach: óir do rinneadar ionad coinne re chéile do theacht do dhéanamh doilghis leis agus dá chomhfurtachd.

Seanfhocal 27:17

Géuruigh íarrann íarrann oile; marsin ghéaruighios duine gnúis a charad.

Eaxodus 17:11-12

Agus tárla, a nuáir do chonnuimh Maóise a lámh súas, go rug Israel buáidh; agus a nuáir do léig a lámh síos, do rug Amalec buaidh.

Achd do bhádar lámha Mhaóise trom; agus do ghlacadar cloch, agus do chuireadur fáoi é, agus do shuigh sé uirre; agus do chonnuimh Aáron agus Hur a lámha súas, áon díobh ar tháobh dhe, agus áon ar tháobh eile; agus do bhádur a lámha seasmhach go dul na gréine fáoi.

Séamas 2:23

Agus do coimhlíonadh an sgriobtúir a deir, Do chreid Abraham do Dhía, agus do measadh dhó é na fhiréuntachd: agus do goireadh Caruid Dé dhe.

Seanfhocal 25:17

Connaimh do chos ó thigh do chomharsan; deagla go mbeith sé cuirthe dhíot, agus go bhfúathochadh sé thú.

Seanfhocal 22:24-25

Ná déan muinntearas re duine feargach; agus na himthigh lé duine bhuileamhuil:

Ar eagla go bhfoghluimféa a shlighthe, agus go bhfuighthéa paíntéur dot anam.

Eaxodus 33:11

Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise ághuidh ar ághuidh, mar do laibheóradh duine re na charadh. Agus do fhill a rís don champa: achd a sherbhíseach Iosua, mac Nun, an toganach, ni dheachuidh sé as an tabernacuil amach.

Seanfhocal 27:6

Is díleas cneadha caraid; acht is cealgach póga námhaid.

Eabhraigh 10:24

Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh:

2 Samúéil 1:23

Saul agus Ionatan do bhádar grádhach sólasach ann a mbeathaidh, agus ann a mbás níor roinneadh íad: bá luáithe íad ná ioluir, bá láidre ná leomhuin iad.

1 Corantaigh 15:33

Ná mealltar sibh: truáillidh droch chomhráite béusa maithe.

1 Teasalónaigh 5:11

Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.

Iób 42:10

Agus diompoigh an TIGHEARNA daóirse Iób, a nuáir do ghuidh sé ar son a charad: agus thug an TIGHEARNA fós do Iób dhá oirid agus do bhí aige roimhe.

Zacairia 13:6

Agus a déara áon ris, Cred na cneadhasa ann do lámhuibh? Annsin freigeora seision, Na neithe lé ar loiteadh mé a ttigh mo charad.

1 Samúéil 18:1

Agus tárla, a nuaír do chuir sé deireadh ar labhairt ré Saul, gur choimhcheangail anum Ionathan re hanum Dháibhi, agus do ghrádhuigh Ionathan é mar a anum féin.

1 Samúéil 20:17

Agus thug Ionatan ar Dháibhi mionnughadh a rís, do bhrígh gur ghrádhuigh sé é: óir do ghrádhuigh seision é mar do ghrádhuigh sé a anum féin.

Filipigh 1:3-5

Beirim buidheachas ré mó Dhía gach uáir choimhnighim oruibhse,

Ar mbeith do chómhrac chéudna aguibhse noch do chonncabhair ionnamsa, agus a nois do chluintí bheith ionnam.

Ag sídhéunamh úrnuighe maille ré gáirdeachus um uile ghuidhe ar bhur sonnsa uile,

Do bhrígh bhur gcumuinn ris a tsoisgéul ón gcéud lá gus a nois;

Colosaigh 3:12-14

Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid;

Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.

Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.

Salm 25:14

Atá rún an TIGHEARNA ag an luchd eagluigheas roimhe; agus foillsighidh a chunnradh dhóibh.

Rómhánaigh 15:5-6

Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd:

Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.

Eabhraigh 10:24-25

Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh:

Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.

1 Peadar 4:8

Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.

Salm 119:63

Atáim am chompánach ag gach aon ar a bhfuil heagla, agus do lucht coimhéada haitheanta.

Matha 18:20

Oir gidh be aít ann a bhfuilid días nó tríur ar ná gcruinneaghadh am ainmsi, a táimsí ann sin ann a lár súd.

1 Eoin 1:7

Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.

2 Corantaigh 6:14

Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas?

Salm 41:9

Fear mo shíothchána, fós, iona raibh mo dhóigh, noch a duáigh marán, do thog sé súas a shál am aghaidh.

Salm 55:13-14

Acht tusa, a dhuine mar mo shamhuil féin, mo éoluighe, agus mfear aitheantais.

Do rinneamar aráon comhairle mhilis, do chúadhmar a naóinfheachd go tigh Dé.

Matha 5:14

Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach.

Rómhánaigh 12:15

Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.

1 Samúéil 18:1-3

Agus tárla, a nuaír do chuir sé deireadh ar labhairt ré Saul, gur choimhcheangail anum Ionathan re hanum Dháibhi, agus do ghrádhuigh Ionathan é mar a anum féin.

¶ Agus tárla ar na mhárach, go ttáinic an droichspiorad ó Dhía ar Shaul, agus do rinne sé fáidheadóireachd a lár an tighe: agus do sheinn Dáibhi le na láimh mar uáiribh oile: agus do bhí bunnsach a láimh Shauil.

Agus do chaith Saul an bhunnsach; óir a dubhairt sé, Búailfe mé Daibhi thríd go nuige an balla. Agus do chúaidh Dáibhi fá dhó as a radharc.

¶ Agus do bhí eagla ar Shaul roimhe Dháibhi, do chionn go raibh an TIGHEARNA maille ris, agus gur imthigh sé ó Shaul.

Ar a nadhbharsin do áthruigh Saul uadha é, agus do rinne sé a chaiptín ós cionn mhíle dhe; agus do téigheadh sé amach agus do thigeadh sé asteach roimhe an bpobal.

Agus do iomchair Dáibhi e féin go glic iona shlighthibh uile; agus do bhí an TIGHEARNA maille ris.

Uime sin a núair do chonnairc Saul gur iomchair sé é féin go ró ghlic, do bhí eagla aige roimhe.

Ach do ghrádhaigh Israel agus Iúdah uile Dáibhi, do chionn go ttéigheadh sé amach agus go ttigeadh a steach rompa.

¶ Agus a dubhairt Saul re Dáibhi, Féach minghean is sine Merab, do bhéara mé dhuit í na mnaói: achd amháin bí cródha ar mo shon, agus troid catha an TIGHEARNA: óir a dubhairt Saul, Ná beanadh mo lámhsa ris, achd biodh lámh na Bhphilistineach air.

Agus a dubhairt Dáibhi re Saul, Cía misi? agus cred mo bheatha, no muínntir mathar a Nisrael, as a mbéinn am chlíamhuin ag an rígh?

Achd tárla a nuáir fa ttiubharthaoi Merab inghean Shauil do Dháibhi, gur tugadh í do Adriel an Meholatiteach na mnaói.

Agus do ghlac Saul chuige é an lásin, agus níor léig dhó dul níos mó go tigh a athar.

¶ Agus do ghrádhuigh Michal inghean Shauil Dáibhi: agus do innsiodar sin do Shaul, agus do thaitin an ní sin ris.

Agus a dubhairt Saul, Do bhéara mé dhó í, chor go mbía sí ná líon dó, agus go mbéid lámha na Bhpilistineach na aghaidh. Uime sin a dubhairt Saul re Dáibhi, Biáidh tú a niugh ad chlíamhuin agam a cceachdar don dís.

¶ Agus do aithin Saul dá shearbhfhoghantuibh, dhá rádh, Labruidh ré Dáibhi go secreideach, agus abruidh, Féach, atá dúil ag an rígh ionnad, agus grádhuighidh a sherbhísigh uile thú: anois ar a nadhbharsin bí ad chlíamhuin ag an rígh.

Agus do labhradar searbhfhoghantuighe Shauil na bríathrasin a ccluasaibh Dháibhi. Agus a dubhairt Dáibhi, An saóiltíse gur ní súarrach bheith a gcleamhnus rígh, do bhrigh nach bhfuilimsi achd am dhuine bhochd, agus fa mheas éattrom?

Agus do innisiodar searbhfhoghantuighe Shauil dó, gha rádh. Ar an modhso do labhair Dáibhi.

Agus a dubhairt Saul, Mar so déarthaoi ré Dáibhi, Ní bhfuil an rígh ag íarruigh crodh ar bith, achd céad réamhchroiceann do na Philistínibh, do dhéanamh dioghaltais ar náimhdibh an rígh. Achd do shaóil Saul Dáibhi chur do thuitim le láimh na Bhphilistíneach.

Agus a núair do innisiodar a shearbhfhoghantuighe do Dháibhi na bríathrasa, do thaitin re Dáibhi go maith bheith na chlíamhuin ag an rígh: agus níor críochnuigheadh na láethe.

Ar a nadhbharsin do imthigh Dáibhi, é féin agus a muhinntir, agus do mharbh sé do na Philistinibh dhá chéad fear; agus thug Dáibhi a réamhchroicinn leís, agus do thaisbeanadar íad go hiomlán don rígh, chor go mbíath sé na chliamhuin ag an rígh. Agus thug Saul a inghean Michal dó na mnaói.

¶ Agus do chonnairc Saul agus do bhí a fhios aige an TIGHEARNA do bheith lé Dáibhi, agus gur grádhuigh Michal inghean Shauil é.

Agus fós bá móide eagla Shauil roimhe Dháibhi sin; agus thainic Saul chum a bheith na námhuid ag Daibhi a gcomhnuidhe.

Ann sin do rinne Ionatan agus Dáibhi cunnradh, do chionn gur bhionmhuín leis é mar a anum féin.

Filipigh 2:1-2

Uime sin mar atá cómhfhurtachd ar bith a Gcríosd, má atá sólas ar bith grádha, má atá cumann ar bith Sbioruide, má atá truáighe ar bith nó trócaire,

Ionnus go ccromthadh gach uile ghlún dainm Iósa, eadhon glúine na neitheann atá ar neamh, agus ar talamh, agus fáoi an dtalamh;

Agus go naidmheóchadh gach uile theanguidh gur ab é Iósa Críosd an Tighearna, chum glóire Dé Athar.

Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh.

Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh do réir a dheaghthola.

Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid:

Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;

Ag síneadh bhréithre na beatha uáibh amach; ionnus go dtiucfadh dhíomsa mórdháil do dhéunamh a ló Chríosd, nár rioth mé go díomháoin, agus nár sháothruidh mé go díomháóin.

Achd fós, bíodh go bhfuilim dom íodhbairt ar muin íodhbartha agus sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá lúathgháir oram, agus gáirdeachas má ráon libhse uile.

Ar son a nadhbhair chéudna déanuighse fós lúathgháir, agus gáirdeachas má ráon riomsa.

Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna Iósa ré Timoteus do chur chuguibh go haithghearr, ionnus go mbéinn deighmheisnigh, ar bhfagháil fheasa créud as cor dhíbhse.

Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh déininntinn, dáonghrádh, déuntoil, agus déinbhreitheamhnas.

2 Tiomóid 1:16-18

Go dtuguidh Tighearna na trócaire do thigh Onesiphoruis; óir tug sé fúaradh go minic dhamhsa, agus níor ghabh adhnaire é f shlábhradh:

Achd, ar mbeith dhó sa Róimh do lorgair sé mé go ro dhíthchiollach, agus fuáir sé mé.

Go dtuguidh an Tíghearna dhósan trócaire dfághail ón Dtíghearna sa ló úd: agus atá a sháirfhios agadsa, créd é a mhéud do fhoir sé oram a Nephesus.

Salm 37:7-9

Bí ad thocht don TIGHEARNA, agus déan feithiomh, foighideach air: ná fearguidh thú féin ris an té bhíos sona iona shlighe, ris an tí noch chriochnuighios a dhroch smuáintigh.

Scuir ó fheirg, agus léig dhíot ainteas: ná fearguidh thú féin air éanchor chum uilc do dhéanamh.

Oír gearrfuighthear amach luchd déanta na héagcóra: agus luchd feithmhe air an TTIGHEARNA, gheabhuid óighreachd a nfearuinn.

1 Corantaigh 12:12-14

Oir amhuil mar as áon an corp, agus morán do bhallaibh aige, agus buill a néunchuirp uile, biodh gur ab iomdha íad, nach bhfuil ionnta achd éanchorp amháin: as mar an gcéudna atá Críosd.

Oír is tré aoin Sbioruid do baisdeadh sinn uile chum éunchoirp, más Iúduighe sinn nó Gréugaígh, más sáor nó daor sinn; agus tugadh deoch dhuinn uile ré a híbhe chum éin Sbioruide.

Oír ní héanbhall an corp, achd móran.

Rómhánaigh 1:11-12

Oír atá ro fhonn oram sibhse dfaicsin, ar ghléus go roinnfinn ribh tiodhlacadh éigin spioradalta, chum bhur neartuighe;

Eadhon ionnus go bhfuighinn comhfhurtachd bhur bhfochairse tré chreideamh a cheile eadhon bhur gcreideamhsa agus mo chreideamhsa.

Seanfhocal 19:20

Eísd re comhairle, agus glac teagasg, chor go mbía tu glic ad chrích dheighíonuigh.

Galataigh 5:13

Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh.

Salm 15:4

An té a ttarcuisnighthear an drochdhuine iona shúilibh; achd onóruighios an dream air a mbí eagla an TIGHEARNA. An té noch mhionnuighios chum a dhioghbhála féin, agus nach malartuighionn.

Eifisigh 4:2-3

Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;

Achd ní mar sin fúarabhairse foghluim Chríosd;

Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:)

Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin;

Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne;

Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd.

Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn.

Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi:

Agus ná tuguidh áit do diábhal.

An tí do rinne goid ná gadah ní sá mhó: achd go madh luáithe dheánas sé sáothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbíádh ní aige ré thabhairt don tí air bhfuil ríachdanus.

Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha.

Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.

Paidir chun Dé

A Thiarna, naofa agus uafásach is ea d’ainm, níl aon rud cosúil le do naofacht. Guím ort, a Thiarna, mar is tusa mo dhún agus mo charraig, le gur toil leat mé a ardú agus cabhrú liom gan an creideamh a chailleadh agus leanúint ar aghaidh. Deir tú i do bhriathar: “Abradh an duine lag, láidir mé ann”. A Thiarna, tá mo chuid acmhainní ídithe, ach má tá rud amháin cinnte dom, is uaitse a thagann mo neart. A Thiarna, táim i ngátar leat níos mó inniu ná inné, cabhraigh liom éalú ó gach a chuireann brú agus tuirse orm, ionas gur féidir liom, i lár aon imthosca, bratacha bua a ardú agus a bheith i mo fhinné ar do chumhacht gan teorainn. Buíochas leat, a Dhia, mar i mo chuid aimsir cráite, choinnigh tú mé agus i lá na hanacra thug tú an neart dom leanúint ar aghaidh. Inniu, dearbhaím an méid atá i do bhriathar: “Tugann tú neart don duine tuirseach, agus méadaíonn tú neart an duine gan neart”. I n-ainm Íosa. Áiméan!