Nách ar aithin misi dhíot? Bí láidir agus lán bhéodha; ná bíodh eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do THIGHEARNA Día maille leachd gidh bé áit a racha tú.
Bíthí láidir agus bíodh meisneach mhór aguibh, ná himeagluidh, agus ná biodh úamhan aguibh rompa: óir sé do THIGHEARNA Día, théid libh; ní fheallfa sé ort, agus ní thréigfe sé thú.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Déunaidh faire, seasaidh go daingion sa gcreideamh, bíghidh fearrgha, bíghidh láidir.
Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
¶ Agus a dubhairt Dáibhi re Solamh a mhac, Bí láidir agus bíodh meisneach mhaith agad, agus déana é: ná bíodh eagla ort, agus na bí anbhuáineach: óir biáidh an TIGHEARNA Día, eadhon mo Dhíasa, leachd; ní fhailleochuidh sé ort, ní mó thréigfe sé thú, nó go ccríochnuighe tú a nuile obair chum serbhíse thighe an TIGHEARNA.
A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa. A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnamh ro ollamh a mbuaidhreadh. Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh. Atá TIGHEARNA nа slogh linn; atá Día Iácob na ro dhidean aguinn. Selah. Ar a nadhbharsin ní bhía eagla oruinn, da mbeith go nárthochadh an talamh, bíodh go náthrochadh na sléibhte go meadhon na fairge;
Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.
Agus a dubhairt Maóise ris an bpobal, Ná bíodh eagla oruibh, fanuidh bhur seasamh, agus féuchuidh tártháil an TIGHEARNA, noch thaisbéanfás sé dhíbh a niugh; óir na Hégiptigh do choncabhair a niugh, ní fhaicfidhe íad a rís go bráth. Troidfidh an TIGHEARNA ar bhur son, agus beithíse bhur dtocht.
Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Teithid na cionntuigh a nuáir nach bí áonduine dá ttóruigheacht: ácht bíd na hionnruic dána amhuil leomhan.
Bíodh meisneach mhaith agad, agus foillsigheam sinn féin ar bhfearuibh ar son ar bpobail, agus ar son chaithreacha ar Ndé: agus déanadh an TIGHEARNA an ní is maith ann a radharc féin.
Ní bhiáidh eagla air roimhe dhroichscéuluibh: atá a chroidhe diongmhalta, ag cur a dhóthchuis san TIGHEARNA.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Abruidh ris a ndroing agá bhfuil croidhe eaglach, Bíthí láidir, ná himeagluighidh: féuchuidh, tiucfaidh bhur Ndía lé dioghaltas, tiucfaidh Dia lé luáidheachd; tiucfa sé agus sáorfa sé sibh.
Agus an TIGHEARNA, is eision an té rachus romhad; biáidh sé maille riot, ni fheallfa sé ort, ní mó thréigfios sé thú: ná himeagluidh, agus ná bíodh úamhan ort.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Is tor daingion ainm an TIGHEARNA: riothuidh an fíréun chuige, agus bí sé daingion.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Is eision amháin mo charruig agus mo shlánughadh: is é mo dhídion; ní chorrochthar mé. A Ndía atá mo shlánughadh agus mo ghlóir: carruic mo neirt, a Ndia, atá mo dhóigh. Cuiridh bhur ndóigh ann a ccomhnuighe; sibhsi a dhaoine, dóirtighe amach bhur ccroidhe dá lathair: isé Día is dídion dhúinn. Selah.
Go madh beannuigh an TIGHEARNA mo charruic, noch mhúinios mo lámha chum catha, mo mhéir chum cogaidh. An té do bheir slánughadh do ríghthibh: an te thárthuighios Dáibhi a sheirbhíseach ó chloidhiomh a nuilc: Tárthuigh, agus sáor mé ó láimh ccloinne an choimhthighidh, noch a labhrann a mbéul díomhaoineas, agus a lámh dheas gur lámh dheas bhréige í: Ionnus go rabhaid ar mic mar plannduighe móra ag fás iona nóige; ar ningheana mar clocha cuinne ar na ngearradh, do réir chosamhlacht pháláis: Ar sgiobóil lán, ag tabhairt a nuile chinéul stóir úatha; ar dtréada ag breith mílte agus deich mílte ionar sráidibh: Ar ndaimh ladir chum oibrighe; gan briseadh a steach, ná dul amach; ná gearán ann ar sráidibh. Is sona na daóine, atá annsa riochdsa: as sona na daóine, gha bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca. Mo thrócaire, agus mo dhaingionn; mo dhídion, agus mfear sáortha, mo sgiath, agus an té ann a gcuirim mo dhóigh; noch umhluighios mo dhaóine fúm.
Agus na bíodh oruibh eagla na muinntíre mharbhas an corp, agus leis nach éidir an tanam do mharbhadh: achd go madh mó bhías eagla an tí ud oraibh le nab éidir an tanam do mharbhadh: achd go madh mó bhías eagla an tí ud oraibh le nab éidir an corp agus an tanam do mhilleadh a nifrionn.
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid; Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus:
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
Dá ccampuigheadh slúagh am aghuidh, ní bhía eagla air mo chroidhe: dá neirgheadh cogadh am aghaidh, annso bhías mé dóthchusach.
Bithí láidir curata, ná bíodh eagla nó anbhúain oruibh roimhe righe na Hassíria, ar son a bhtuil diomad slóigh aige: óir is mó atá linne ná leis: Lámh fhéola atá leission; acht atá ar TTIGHEARNA Dia linne chum cuidiughadh linn, agus do throid ar ccath. Agus do sheasadar an pobal aír bhríathruibh Heseciah rígh Iúdah.
¶ Is misi, misi féin, an té chobhruigheas sibhsi: cía thusa, as a mbíath eagla ort roimhe dhuine rachus déug, agus roimhe mhac an duine noch do dhéantar mar an bhféur; Agus dhearmaduighios an TIGHEARNA do chruthaightheóir, noch do leathnuigh amach na neamha, agus do shuighidh bunáit an domhuin; agus go raibh eagla ort gach aon lá go cinnte do bhrígh cuthaigh an mhilltéora, fa mar do bhiath réidh chum scriosta? agus cáit a bhfuil cuthach an mhillteóra?
Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.
Is tú mionad foluigh; coiseonuidh tú mé ó bhuáidhreadh; ré gáirdeachus sáortha tiucfuir fá ccuáirt am thimchioll. Selah. Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
Agus ná bíodh eagla na druinge chuireas bhur nadhuigh oruibh a gcáil ar bith: noch is comhartha sgriosda dhóibhsion, achd sláinte dhíbhse, agus sin ó Dhía.
Cuimhnighidh drong air charbaduibh, agus drong oile air eachuibh: acht cuimhneochaimne air ainm an TIGHEARNA ar Ndé. Tugadh a núas íad agus do thuiteadar: achd éirghimidne súas, agus seasamuid go díreach.
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Ní bhéara arm ar bith dá ccuimeachthar buáidh ad aghaidhsi; agus gach teanga dá néireochuidh ad aghaidh daimneocha tú í a mbreitheamhnus. Así so oighreachd sheirbhíseach an TIGHEARNA, agus is uáimsi atá a bhfíreantachd, a deir an TIGHEARNA.
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé.
Do fheith mé go foighideach ris an TTIGHEARNA; agus do chláon sé chugam, agus do chúaluidh mo chomhairc. Níor fholuigh mé thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór. Ná connuimhsi úaim a THIGHEARNA, do thrócaire chineulta: coimhéadadh hoineach grádhach agus thfírinne do ghnáth mé. Oír do timchiolladar uilc dhóairmhe fa ccuairt mé: do ghabhadar na peacaidh greim dhíom, agus ní fhéaduim fhéuchuin súas; atáid ní is líonmhuire ná grúag mo chinn: agus do thréig mo chroidhe mé. Toiligh, a THIGHEARNA, mo sháoradh: a THIGHEARNA, déan deithnios dom chabhair. Náirighthear, agus claóidhtear íad a néinfheachd noch íarrus manam do mhilleadh; filltior ar a nais agus náirighthear an dream noch órduighios olc dhamh. Diothlaithrighthear íad mar lúaigheachd a náire noch a deir riom, Aha, aha. Déanaidís gáirdeachus agus bídís lúathgháireach ionnadsa gach áon dá níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, Go méadighthear an TIGHEARNA. Bíodh go bhfuilim bochd agus easbhuidheach; smuáinfidh an TIGHEARNA orum: is tú mo chobhartha agus mo shaortheoir; ó a Dhía, ná déan faillighe. Thug sé súas mé mar an gcéadna as an bpoll úathbhásach, as criáidh lathaidh, agus do chuir mo chosa ar charruic, agus do dhaingnidh mo choiscéime. Agus do chuir sé caintic núadh ann mo bhéul, moladh dar Ndía: do chífid mórán é, agus biáidh eagla orra, agus cuirfid a ndóigh annsa TIGHEARNA.
Uime sin, a dhearbraithre grádhacha, bíghidh comhnuigheach, neamhchorrach, ag méudughadh do shíor a nobair an Tighearna, ar mbeith a fhios aguibh nach diomháoin bhur sáothar sa Dtighearna.
Atá a chroidhe diongmhálta, ní bhiáidh eagla air, nó go bhfacaidh a mhían ar lucht a bhuaidheartha.
Atá slighe Dé iomlán; do dearbhadh bríathar an TIGHEARNA: atá sé na scéith ag gach áon dá gcuirionn a dhóigh ann. Oír cía is Día ann, achd an TIGHEARNA? agus cía as carruic ach ar Ndianne? Sé Día mo neart agus mo chumhachda: agus do ní sé mo shlighe iomlán.
As a bhfuil dánachd aguinn agus slighe ré dhul a steach maille ré dóthchas tré chreideamh annsan.
Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair. Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
Ná bíodh eagla ort re húamhan obann, nó re dólás na nolc, a nuáir thiucfas sé. Oír budh é an TIGHEARNA do bharánta, agus cuimhdeochuidh sé do chos ó bheith gabhtha.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach. A THIGHEARNA na slógh, is beannuighe an duine chuirios a dhóigh ionnadsa.
Gidheadh fós má fhuilngthidh ar son na firéuntachda, atá sibh beannuighe: agus ná bíodh eagla mar a neaglasan oruibh, agus ná bíghidh buáidheartha;
An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
Teilg do mhuirighin air an TTIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.
Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn:
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Agus a dubhairt sé, Eistighsi, a Iúdah uile, agus sibhsi a áitreabhacha Ierusalem, agus tusa a rígh Iéhosaphat, Is mar so a deir an TIGHEARNA ribh, Ná bíodh eagla nó uabhuain oruibh ar son a niomaid coimhthionailsi; oír ní libhsi an oath, achd lé Día.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Oír misi an TIGHEARNA do Dhía choinneochus do lámh dheas, ghá rádh riot, Ná himeagluidh; cuideochuidh mé leachd.
Noch atá aguinn mar ancaire, daingean diongmhálta a nanma, agus théid a steach go soithe a ní atá don táoibh a stigh don bhrat;
A THIGHEARNA, do chúaluidh tú fonn a na numhal: uillmheocha tú a ccroidhe, do bhéarair air do chluáis éisdeachd: Chum breitheamhnuis do dhéanamh air an ndílleachd agus air an té foiréigeantar, chor nach éigneochaidh fear na talmhan ní budh mó.
Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh.
Oír is tusa mo choinniollsa, a THIGHEARNA: agus soillseochuidh an TIGHEARNA mo dhorchadus. Día mo chairge; is ann bhías mo dhóigh: sé mo scíath é, agus adharc mo shlánuighthe, mo thor árd, agus mo dhidean, mo shlánuightheóir; do chumhduigh tú me ó fhoiréigion. Oír thriódsa do rioth mé tré chuideachda: tré mo Dhía féin do ling mé tar bhalla.
A chlann bheag, as ó Dhía atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrthasan: óir as mó an tí atá ionnuibhse, na an tí atá sa domhan.
Go deimhin sáorfa sé thusa ó líon a nfíaghaidh, ón phláigh nimhnigh. Ré na sciathán foileochaidh sé thú, agus fa na sciathánaibh chuirfios tú do dhóthchus: is scíath agus buicléir a fhirinne.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad. Dóthchusáidh annsa TIGHEARNA go bráth: óir is annsa TIGHEARNA IEHOBHAH atá an neart síorruidhe:
Go nuige so níor íárrabhair ní ar bith mainmsi: íarruidh, agus do ghéubhtháoi, ionnus go mbíadh bhur ngáirdeachus lán.
Ní bhía faítchios ort air eagla na hoidhche; nó fó na soighde eitiollas san ló; On phláigh noch shíubhlas annsa dorchadus; nó ón dioghaltas noch shiubhlas san meadhóin laói. Tuitfid míle ré do tháobh, agus deich míle ar do láimh dheis; ní thiucfa sin ad gharsa.
Ag soillsiughadh súl bhur ccroidhe; chum a fheasa do bheith aguibh créud í muinighin a ghlóire a óighreachda sna náomhuibh, Agus créd é roimhéud a chúmhachd dár dtáoibhne an dream chreideas, do réir oibriughadh a mhóirneirt,
An Día noch ullmhuighios mé lé neart, agus do ní mo shlighe iomlán. Noch do ní mo chosa ionann ré cosuibh na neilteadh, agus shuighios mé ar mionaduibh árda. An té mhúinios mo lámha chum cogadh, iondus go mbristior bogha crúadha rem lámhuibh.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
A dhearbhráithre, ní mheasuim gur rug mé fós uirrthe: achd do ním éinní amháín, ar mbeith dhamh ag dearmad na neitheann atá arm o chúl, agus ag déunamh mo dhíthchill chum na neitheann atá romham, Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.
Oír sé bhur TTIGHEARNA Día an té théid libh, do throid re bhur námhuid, da bhur ttártháil.
Féuch, do ghrean mé thú ar chlár mo dheárnainne; atáid do bhalladha a ccomhnuigh am lathair.
Uime sin ná téilgidh uáibh bhur muinighin admhálach, agá bhfuil mórlúach sáothair. Oir atá foighid na ríachdanus oruibh, ionnus ar ndéunamh tola Dé dhíbh, go bhfuighe sibh toradh na geallamhna.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Agus ar bhféachain Diósa orrtha a dubhairt sé ríu, Ní bhfuil so ar chumas do na dáoinibh: achd a tá gach uile ní ar chumas do Dhía
Uime sin ní bhfuilmíd ag dul a nanbhfainne; achd bíodh go dtruáillighthear ar nduine leithimealach, athnúadhaighthear fós an tí atá don táóbh a stigh go láethamhuil. Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éudtrom, noch nach mhairios acht momeint, níos módh go líonmhar agus truime mbairthanach dan ghloire dhuinne: Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.
Do ní aingeal an TIGHEARNA campa go cruinn a ttimchioll na druinge air a mbí a eagla, agus sáoruidh sé íad.
Amhuil áon noch chomhfhurtuighios a mhathair, mairsin fhuirteochus misi oruibhsi; agus beithí ar bhur ccomhfhurtachd ann Ierusalem.
A chaired, ná bíodh iongnadh aguibh sa dteasdughadh tinntighe do nithear oruibh chum bhur ndearbhtha, amhnil do theigéumhadh ní éigin coimhthigheach dhibh: Achd go madh haóibhinn libh, sibh féin fo bheith pártach ré buáidhearthuibh Chríosd; ionnus, go mbiáidh gáirdeachas agus meanma mhór oruibh mar an gcéudna, an tan fhoillséochar a ghlóirsion.
Ah a Thighearna DIA! féuch, do rinne tú neamh agus talamh le do chumhachtaibh móra agus le rígh sínte amach, agus ní bhfuil aoinní ro chruáidh dhuitsi:
Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair.
Má shiúbhluim a meadhón an chúmhgaidh, aithbheochuidh tusa mé: ar son fheirge mo námhad sínfe tú úait do lámh, agus tárthocair mé lé do láimh dheis. Coimhlíonfa an TIGHEARNA a obair ar mo shonsa: atá do thrócaire, a THIGHEARNA, go síorruidhe: ná tréig obair do lámh.
Uime sin ná bíodh adhnáire ort fá fhíadhnuise ar Dtíghearna, ná am thimchiollsa priosúnach ar a shon: achd bíodh do chuid agad do bhuáidhirt an tsoisgéil do réir chúmhachd Dé;
Biaidh an lucht chuirios a ndóigh annsa TIGHEARNA mar shlíabh Síon, nach féidir a chorrughadh, ach mhairios go bráth. Atáid Ierusalem na sléibhte na timchioll; agus is amhluigh atá an TIGHEARNA a timchioll a dhaóine ó núairsi agus go síorruidhe.
A Ndía mholfad a bhriathar: annsa TIGHEARNA mholfad a bhriathar. A Ndía chuirfead mo dhóigh: ní biáidh eagla orum créd do dhéanas duine orum.
Ase an TIGHEARNA mo neart agus mo dhan, agus do bhí sé na thártháil damh: is eision mo Dhía, agus do dhéana mé áit comhnuighe ullmhughadh dhó: Día mathar, agus airdeocha me é.
¶ Oír cuideochuidh an Tighearna DIA liom; uimesin ní bhía mé claóidhte: uimesin do shuighidh mé maghaidh amhuil cloichthineadh, agus atá a fhios agam nách bía náire orum.
Déunaidh faire, seasaidh go daingion sa gcreideamh, bíghidh fearrgha, bíghidh láidir. Déanaidh na huile neithe maillé ré grádh.
Noch do sháor sinn ó na chomhór sin do bhás, agus sháorus sinn: as a bhfuil ar ndóigh go sáorfuidhe sé sinn fós mar an gcéudna;
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Oír is tú mo dhóigh, a THIGHEARNA Día: mo dhóigh óm óige. Is leatsa do congmhadh súas mé ón mbroinn: is tú thug mé ó ionathar mo mhathar: is tusa mholfas mé a ccomhnuighe.
Oír lasfaidh tú mo chonniol: soillseochthuidh mo THIGHEARNA Día mo dhorchadus. Oír tré do chungnamhso rithfiod thríd shlúagh; agus maille ré mo Dhía rachad do léim thar bhalla.
A dubhairt Dáibhi fós, An TIGHEARNA do sháor misi ó crodh an leomhuin, agus ó chrodh an mhathghamhuin, sáorfuidh sé as láimh an Philistinighsi mé. Agus a dubhairt Saul re Dáibhi, Eirigh, agus go raibh an TIGHEARNA maille leachd.
O a THIGHEARNA, bí grásamhuil dúinn; do fhéitheamar ort: bí ad ruigh aca gach maidin, ar slánughadh fós a nam na buáidheartha.
Ná bíodh eagla a naightheach ort: óir atáimsi maille riot dot sháoradh, a deir an TIGHEARNA.
Do bheir eagla an duine paintéur lé: acht an té chuirios dóthchus annsa TIGHEARNA, biáidh sé daingion.
Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag; oir a si toil bhur Nathar an rioghachd do thabhairt dáoibh.
Go dearbhtha leanfuidh maith agus trócaire mé air feadh mo sháoghail: agus do dhéanad áitreabh a ttigh mo THIGHEARNA go bráth.
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
Oír as sinne a obairsion, air a gcrúthughadh a Níosa Críosd chum déaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiubhal ionnta.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Agus an tan thugadar dhá paire dánachd Pheadair, agus Eóin, agus gur thuigeadar a mbeith na ndáoinibh gan fhogluim gan éolus, do ghabh iongantus íad; agus daithneadar, go rabhadar a bhfochair Iósa.
Oir foileochuigh sé mé iona pháilliún a ló a nuilc: coimhéudfuidh mé go secréideach a nuáignios a thabernacuil; ar charruic thóigfios sé súas mé.
Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.
Molaidh an TIGHEARNA. Is beannuighe an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, agá bhfuil dúil iona aitheantaibh go ro mhór.
Acht a nois is marso a deir an TIGHEARNA do chruthaidh thusa, a Iácob, agus an té do chum thú, a Israel, Ná himeagluigh: óir dfúasguil mé thú, do ghoir mé thú as hainm; is liomsa thú. Is sibhsi mfíadhnuisesi, a deir an TIGHEARNA, agus mo sheirbhiseach noch do thogh mé: chor go naitheontaói agus go ccreidfidhe mé, agus go ttuigthí gur misi é: níor cumadh Día ar bith romhamsa, ní mó bhías am dhiáigh. Is misi, misi féin, an TIGHEARNA; agus táobh amuigh dhiomsa ní bhfuil áon slánaightheoir ann. Dfoíllsigh mé, agus do sháor mé, do thaisbéin mé, a núair nach raibh aóindía coimhidhtheach eadruibhse: uime sin is sibh mfiadhnuise, a deir an TIGHEARNA, gur misi Día. Fós, suil do bhí an ló ann is misi an té sin; agus ní bhfuil aoinneach fhéadas sábháil óm láimh: oibreocha mé, agus cía bhacfas é. ¶ Is marso a deir an TIGHEARNA, bhur slánaightheóir, Aon Naomhtha Israel; Is ar bhur sonsa do chuir mé fios don Bhabilóin, agus thug mé a núas a nuáisle uile, agus na Caldeánuigh, agá bhfuilid a ccomhairc annsna longaibh. Is misi an TIGHEARNA bhur Náon Naomhtha, cruthaightheóir Israel, bhur Rígh. Is marso a deir an TIGHEARNA, noch do ní slíghe annsa bhfairge, agus casán annsna huisgeadhuibh neartmhara; Noch do bheir amach an carbad agus an teach, an slúagh agus na cumhachda; luighfid síad síos le chéile, ní éireochuid síad: atáid múichte, do mhúchadh íad amhuil barrach. ¶ Nach cumhain libh na neithe roimhe, nach meastaói na neithe a nallúd. Féuch, do dhéana misi ní núadh; a nois fásfuidh sé amach; nach aitheona sibhse é? eadhon do dhéana mé slighe annsa bhfásach, agus aibhne annsa díothramh. A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Tráothfuidh an tanfadh a cciúnas, agus béid a ttonna sin na comhnuighe. Agus do chruinnigh íad as na críochaibh, ó náird shoir, agus ó náird shíar, agus ó náird thuáigh, agus theas. Agus béid lúathgháireach do bhrígh go mbéid síad súaimhneach; agus tréorochuidh íad go cúan a ttoile.
Cumhduigh an TIGHEARNA na dáoine simplighe: do hísligheadh mé, agus do sháor sé mé. Iompóigh ó manam, chum do shuáimhneasa; óir do frith an TIGHEARNA go tiodhlaictheach ort.
Ní léigfidh sé dot chois corrughadh: ni choidéola an té choimhéadas thusa. Féuch, an té choimhéadas Israel ní dhéana sé táimhnéull ná codladh. Isé an TIGHEARNA thfear cosanta: isé an TIGHEARNA do scáth air do láimh dheis.
Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Do bheir sé orum luighe a ninbhear fhéir mínligh: tréoruigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin. Aiseoguidh sé manam: tréorochuidh sé mé a róduibh na fíréuntachda ar son a anma féin.
Bídhi curata, agus foíllsighiom sinn féin go fearamhuil ar son ar ndáoine, agus ar son chaithreacha ar Ndé: agus déanadh an TIGHEARNA an ní is fearr chítear dhó féin.
Agus a dubhairt seision, Imthigh amach, agus seas ar a tslíabh as coinne an TIGHEARNA. Agus, féuch, do ghabh an TIGHEARNA thairis, agus do réub gaoth mhór laidir na sléibhte, agus do briseadh na mbloghuibh ná cairge roimhe an TIGHEARNA; achd ní raibh an TIGHEARNA annsa ghaóith: agus a ndiáigh na gaóithe crioth talmhan; achd ní raibh an TIGHEARNA annsa chrioth talmhan: Agus a ndiáigh an chreatha talmhan teine; achd ni raibh an TIGHEARNA san teine: agus tar éis na teineadh guth suáimhneach cáol.
Agus a dubhairt Maóise ris an pobal, Ná bíodh eagla oruibh: óir is do bhur ndearbhadh thainic Día, agus ionnus go mbía eagla as coinne bhur nagháidheadh, ionnus nach bpeacuigheadh sibh.
Annsin a dubhairt misi ribh, Ná chriothnuighidh, agus nar ab mó bhías eagla oruibh rompa. Agus tárla annsa cheathrachdmhadh blíadhan san néanmhadh mí déug, ar an ccéad lá don mhí, gur labhair Maóise re cloinn Israel, do réir a nuile ní do labhair an TIGHEARNA ris do aithne dhíobhsan; Troidfidh an TIGHEARNA bhur Ndía ar bhur son, noch théid romhuibh, do réir a nuile neithe do rinne ar bhur son san Négipt as coinne bhur súl.
Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé. Oír níor bhfeidir ríu an ní do bhí ar na áithne dhíobh diomchar, Agus dá mbeanuidh fíu a nainmhidhe féin ris a tslíabh, géubhthar do chlochuibh air, nó ghabhuidh sé a tholladh ré gath: Agus do bhí an ní do chonncadar comhúathbhasach sin, go ndubhairt Maóise, Atáim lán dfaitcheas agus do chríth: Achd as chum sléibhe Síon atá sibh ar dteachd, agus chum caithreach Dé bhí, chum na Hierusalém neamhgha, agus chum cuideacha na mílteadh aíngeal, Agus chum an coimhthionóil ghinearalta agus eagluis gacha chéidghine, noch atá sgríobhtha ar neamh, agus chum Dé breitheamh na nuile, agus chum spíorad na bhfiréun ndiongmhálta, Agus chum Iósa eidirmheadhontóir na tiomna nuáidhe, chum na fola do craitheadh, labhrus neithe as fear na é sin Abéil. Tabhruidh dá bhur naire gan éura do thabhairt don tí lábhras ribh. Oir muna deachuigh an dream úd as tug díultadh don tí labhair ríu as uchd Dé ar an dtalamh, a né nach lúgha ná sin rachmaóidne as, dá ndíultam don tí atá ó neamh? Agá chríothnuigh an talamh a nuáir sin ré na ghúth: agus a nois tug sé gealladh úadh, ag rádh, Fós éunuáir eile cuirfe mé ní hé amháin an talamh ar crith, achd neamh mar an gcéudna. Agus foillsighidh an rádh so, Fós éunuáir eile, áthrughadh na neitheann atá neimhsheasmhach, mar atá na neithe do rinneadh, ionnus go mbiadh na neithe doghlúaisde comhnuigheach. Uime sin ar bhfagháil ríachda dhúinn nach féidir a chorrughadh, bíodh grás aguinn, tré na bhféudfum seirbhís a dhéunamh do Dhía ann a mbíadh dúil aige maille ré náire agus ré faitcheas: Oír as teine dhíanloisgeach ar Ndíane. Oír smuáinigh ribh féin ar an tí úd do fhulaing a shamhuil sin do chaint do churn a aguidh féin ó pheacachuibh, deagla dhul a dtuirse agus a nanbhfainne dhibh ann bhur ninntinnibh.
Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.
¶ Eístigh riomsa, a luchd dar budh aithnid ionnracus, an pobal agá bhfuil mo dhligheadh iona ccroidhe; na heagluighidh roimhe mhasla na ndaóine, agus ná bíodh eagla a ccáinteoireachd oruibh. Oír íosuidh an léamann súas íad amhuil éadach, agus íosuidh an phéist íad amhuil olann: acht biáidh mfírinnesi ann go bráth, agus mo shlánughadh ó ghinealach go ginealach.
Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún.
Sé an Día síorruidhe do áit dídin, agus faói shíos atá slúagh síorruidhe: agus tiomáinfidh sé amach an námhuid romhad; agus déara sé, Marbh íad.